Ag cabhrú timpeall an tí

Slides:



Advertisements
Similar presentations
Méabh (buncheisteanna) Ardteistiméireacht Ardleibhéil.
Advertisements

Caitliceachas. Éire Tá an Eaglais Caitliceach in Éirinn mar chuid don Eaglais Caitleachach ar fud an domhain.Is cuid é freisin don Eaglais Críostaí.Tá.
GCSE Gaeilge Agreement Trial. Clár Look at issues arising from last year Look at the mark scheme and clarify it Agree the standard Mark 5 / 6 candidates.
Mo Theach agus mo Cheantar
Tonnta agus Tonnghluaisne (Wave Motion).
Canúintí Réamhobair 1 Beidh tú ag éisteacht le múinteoir ó Chonamara ag caint ar dhaltaí Gaeltachta agus na canúintí, ach ar dtús pléigh.
Mo Theaghlach Eacnamaíocht Bhaile
“Níl cara ag cumha ach cuimhne”
Solas.
Níl aon Ní Le Cathal Ó Séarcaigh.
Language Work #7: ODDS & ENDS
Laghdaigh Athúsáid Athchúrsáil.
Mo theaghlach Réamhobair 1
Tosaigh.
Buntáiste an dátheangachais Réamhphlé 1
Domhantarraingt.
Leictreachas.
Litir Phearsanta (30 Marc)
Scoil & brú Réamhobair A. An féidir leat an leagan Gaeilge a aimsiú de na focail seo? Recession: _____________ Water safety: _____________ Rescue.
Páistí ar Saoire/ School Holidays
Bláth na hóige Réamhobair
Lagiolraí agus tréaniolraí
Topaic / Topic: Cóisirí/ Parties
Topaic / Topic: Caitheamh Aimsire / Pastimes
An Tábla Peiriadach.
An Dobhriathar.
An Aimsir Ghnáthchaite
Eanáir 2005 Comhrá I - Rang 1.
Giotto Di Bondone Iodáil / Flórans.
Céimeanna sa Chailleadh
Forbairt na cumarsáide
Éalú ó Éigeandáil Cad é a Thabharfá Leat?
Mé Féin Myself.
Obair Bhaile / Homework
An Tuismitheoir – cabhair sa teach / help in the house
Roinn na Gaeilge Coláiste Choilm
Topaic / Topic: Obair Tí / Housework
Tuismitheoirí bochta! Réamhobair
Nuair a bhí mé i mo dhéagóir
Cén saghas duine tú? Réamhobair
Topaic / Topic: Cúrsaí Oibre/ Work
Solaid, Leachtanna agus Gáis
Fuinneamh.
Mo theaghlach Réamhobair 1
Fuaim.
Clare Sa Spéir Gearrscannán.
Má san aimsir láithreach
Beo go Deo 2 Tearma 1: Ceacht 2
Scileanna staidéir Réamhobair 1
Heorastaic.
Hurlamaboc Is caibidil amháin é seo as úrscéal.
Ísle brí réamhphlé Beidh tú ag léamh litir a scríobh daltaí san Idirbhliain i bPobalscoil Chorca Dhuibhne chuig tuismitheoirí ag cur comhairle.
I dTreo na Cumarsáide An Treo Nua.
Cathracha na hÉireann.
3 Aonad Bhitheolaíochta mar a leagtar amach sa leabhar:
Uisce.
Ábhair Scoile Réamhobair 1
22:14.
Aiste Meabharghalair.
Prós Garry Bannister 2/23/2019.
Brú staidéir (múinteoir) Réamhphlé
Creatlach a chuideoidh leat an t-athrú a láimhseáil
Difir Poitinseal(V) Aonad Volt V
A Thig Ná Tit Orm Le Maidhc Dainín Ó Sé.
Bunscoil vs. Meánscoil Ar ball, beidh tú ag éisteacht le Pádraig, dalta ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, ag labhairt faoi na difríochtaí atá idir an saol.
Ceacht: Aer The first slide has two options – This is the second option.
Ag sealbhú Gaeilge Réamhobair 1
Iris na Scoile Réamhobair
Topaic / Topic: Pearsantachtaí / Personalities
Laghdaigh Athúsáid Athchúrsáil.
Presentation transcript:

Ag cabhrú timpeall an tí I gceann tamaill, beidh tú ag éisteacht le hÓigí Ó Sé ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, ag cur síos ar a bheith ag cabhrú sa bhaile. Sula n-éisteann tú leis, bain triail as an gcleachtadh seo...

Ag cabhrú timpeall an tí Réamhobair Conas a déarfá na rudaí seo as Gaeilge? Scríobh i do chóipleabhar iad agus bí cúramach leis an litriú! cleaning: ____________________ washing: ____________________ drying: ____________________ tidying: ____________________ polishing: ____________________ sweeping: ____________________ setting the table: ____________________ putting things away: ____________________ making the bed: ____________________ ironing: ____________________ organising: ____________________ preparing: ____________________ peeling (glasraí): ____________________ boiling: ____________________

Ag cabhrú timpeall an tí Éisteacht Éist le hÓigí agus freagair na ceisteanna seo: Cén fáth a mbeadh cabhair ag teastáil ó thuismitheoirí Óigí sa bhaile? Cé chomh minic a chóiríonn Óigí a leaba? Cathain is mó a bhíonn Óigí ag cabhrú ar an bhfeirm? An maith leis obair feirme? Cén míbhuntáiste a bhaineann le bheith ag obair le caoirigh?

Abair ar shlí eile é... Cén chanúint atá ag Óigí? Ag cabhrú timpeall an tí Iarphlé 1 Abair ar shlí eile é... Cén chanúint atá ag Óigí? Conas atá a fhios agat? Luaigh cúis amháin. Deir Óigí rudaí cosúil le ‘Bíonn na háraistí le glanadh agus le triomú.’ Cén focal eile atá agatsa ar ‘áraistí’? Agus an ceann seo? ‘...téann siad tríd na fallaí.’ Cén focal eile atá agatsa ar ‘fallaí’?

Ag cabhrú timpeall an tí Scríobh (a) Tarraing na boscaí thíos i do chóipleabhar agus líon iad le do chuid tuairimí féin. Ní gá go mbeadh taithí phearsanta agat ar an bhfeirmeoireacht chun é sin a dhéanamh. (b) An bhfuil peata agat sa bhaile? Má tá, déan cur síos air. Mura bhfuil, abair ar mhaith leat peata a bheith agat nó nár mhaith agus cén fáth? Scríobh do chuid tuairimí i do chóipleabhar. Rudaí a thaitníonn / a thaitneodh liom faoi obair feirme Rudaí nach dtaitníonn / nach dtaitneodh liom faoi obair feirme

Ag cabhrú timpeall an tí Léamh Déagóirí boga! Féach an méid atá le rá ag déagóir Éireannach faoi thuras a thug sí ar theaghlach sa Fhrainc: “Chaith mé trí seachtaine le teaghlach thall sa Fhrainc an samhradh seo caite agus bhí siad an-deas ar fad. Bhí buachaill ceithre bliana déag ann agus cailín sé bliana déag. Rud amháin a chuir iontas orm ná é seo: Ní dhearna na déagóirí sa teach rud ar bith. Rinne an mháthair an chócaireacht ar fad agus ba é an t-athair a nigh na gréithe – ní thugadh na leanaí na plátaí ón mbord go dtí an doirteal fiú amháin. Shuídís siar mar a bheadh prionsa agus banphrionsa ann agus ní deirtí rud ar bith leo. Agus dá bhfeicfeá na seomraí leapa a bhí acu! Bhí siad bréan salach agus éadaí caite ar fud na háite. Ó, is ea, tar éis dóibh cith a thógáil chaithidís na tuáillí ar an urlár agus is í an mháthair a phiocadh suas ina ndiaidh iad. Tá beagán imní orm mar beidh siad ag teacht go dtí mo theach féin i gceann cúpla seachtain agus níl aon slí go gcuirfidh mo mháthair ná m’athair suas leis sin! Beidh siad ag iarraidh ar na Francaigh gach rud a dhéanamh!”

Ag cabhrú timpeall an tí Iarphlé 3 Pléigh na ceisteanna seo a éiríonn as an bpíosa Déagóirí Boga: An bhfuil tusa cosúil leis na déagóirí Francacha a bhí sa phíosa atá díreach léite agat? Cén tslí? Cén saghas polasaí atá agaibhse sa bhaile maidir leis an obair tí? Cé a dhéanann na jabanna éagsúla timpeall an tí? An dóigh leatsa go bhfuil saol níos éasca ag déagóirí anois ná mar a bhíodh? Cén fáth? An dóigh leatsa go bhfuil sé ceart nó mícheart go ndéanfadh déagóirí méid áirithe obair tí? Cén fáth?

Cé chomh cabhrach is atá tú? Ag cabhrú timpeall an tí Iarphlé 4 Cé chomh cabhrach is atá tú? Do scór: 1-3 Fíor: Níl tú róchabhrach ar chor ar bith, ná níl? Tarraing amach an folús ghlantóir ó am go chéile nó cuimil éadach den bhord anois is arís. Ní mharóidh sé tú! 4-6 Fíor: Níl tú olc, is dócha. Níl tú go hiomlán gan úsáid! Foghlaim cúpla scil nua agus beidh tú ar fheabhas ar fad. 7-10 Fíor: Bhuel, ní bheidh aon fhadhb agatsa nuair a fhágfaidh tú an baile! Beidh gach duine ag iarraidh a bheith ina gcónaí leatsa. Abair le duine éigin braon tae a dhéanamh duit – tá sé tuillte agat! Fíor nó Bréagach? 1. Ullmhaím mo bhricfeasta féin ar maidin. 2. Ullmhaím mo lón féin le haghaidh scoile. 3. Bíonn mo sheomra deas glan den chuid is mó. 4. Déanaim mo chuid iarnála féin. 5. Ní bhíonn ar mo thuismitheoirí na gréithe a ní i mo dhiaidh, de ghnáth. 6. Glanaim an seomra folctha ó am go chéile. 7. Cabhraím le mo thuismitheoirí an teach a ghlanadh. 8. Réitím an dinnéar don chlann ó am go chéile. 9. Tá a fhios agam conas cúpla rud a bhácáil. 10. Táim in ann tine a lasadh.

Ag cabhrú timpeall an tí Iarphlé 5 Cuir na frásaí beaga thíos in abairtí lena mbrí a léiriú. Thuas staighre Thíos staighre Suas an staighre Síos an staighre Anuas an staighre Aníos an staighre Seo nod chun cabhrú leat: Nuair a thosaíonn an focal le ‘t’ ní bhíonn aon ghluaiseacht i gceist (e.g. thuas). Nuair a thosaíonn an focal le ‘s’ tá an duine ag dul áit éigin (e.g. suas). Nuair a thosaíonn an focal le ‘a’ tá an duine ag teacht ó áit éigin (e.g. anuas).