Mo theaghlach Réamhobair 1

Slides:



Advertisements
Similar presentations
Méabh (buncheisteanna) Ardteistiméireacht Ardleibhéil.
Advertisements

Caitliceachas. Éire Tá an Eaglais Caitliceach in Éirinn mar chuid don Eaglais Caitleachach ar fud an domhain.Is cuid é freisin don Eaglais Críostaí.Tá.
Thiar I gConamara, timpeall agus trí mhíle taobh thiar de sráid bhaile bheag Chárna, tá céibh an Mhása. Is ar an gcéibh seo, ar an séú lá déag de mhí.
Ag foghlaim teanga trí chorpoideachas a iniúchadh sa bhunscoil Déirdre Ní Chróinín Siobhán Ní Mhurchú TJ Ó Ceallaigh Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil.
An Scrúdú Béil Ardteistiméireacht An Leabhar Bán
Mo Theach agus mo Cheantar
Canúintí Réamhobair 1 Beidh tú ag éisteacht le múinteoir ó Chonamara ag caint ar dhaltaí Gaeltachta agus na canúintí, ach ar dtús pléigh.
Mo Theaghlach Eacnamaíocht Bhaile
“Níl cara ag cumha ach cuimhne”
Solas.
Language Work #7: ODDS & ENDS
Laghdaigh Athúsáid Athchúrsáil.
Mo theaghlach Réamhobair 1
Tosaigh.
Buntáiste an dátheangachais Réamhphlé 1
Domhantarraingt.
Leictreachas.
Ag labhairt in aghaidh an easa Réamhobair 1
Snáithe 2: Céimseata Shintéiseach Geostiallacha & CD an Scoláire
Scoil & brú Réamhobair A. An féidir leat an leagan Gaeilge a aimsiú de na focail seo? Recession: _____________ Water safety: _____________ Rescue.
Bláth na hóige Réamhobair
Lagiolraí agus tréaniolraí
Stair mo Mhuintire.
Topaic / Topic: Cóisirí/ Parties
Topaic / Topic: Caitheamh Aimsire / Pastimes
An Tábla Peiriadach.
An Aimsir Ghnáthchaite
Eanáir 2005 Comhrá I - Rang 1.
Prós Garry Bannister 11/30/2018.
CRÍOSTÓIR Colambas.
Gaeilge, A-Leibhéal LÁ SCANNÁNAÍOCHTA NICILT 2015
Giotto Di Bondone Iodáil / Flórans.
Céimeanna sa Chailleadh
Ag staidéar trí Ghaeilge Réamhphlé 1
Éalú ó Éigeandáil Cad é a Thabharfá Leat?
Mé Féin Myself.
An Tuismitheoir – cabhair sa teach / help in the house
Roinn na Gaeilge Coláiste Choilm
Tuismitheoirí bochta! Réamhobair
Ag cabhrú timpeall an tí
Nuair a bhí mé i mo dhéagóir
Cén saghas duine tú? Réamhobair
Solaid, Leachtanna agus Gáis
Fuinneamh.
Fuaim.
Clare Sa Spéir Gearrscannán.
Má san aimsir láithreach
An Grianchóras.
Beo go Deo 2 Tearma 1: Ceacht 2
Scileanna staidéir Réamhobair 1
Heorastaic.
Ísle brí réamhphlé Beidh tú ag léamh litir a scríobh daltaí san Idirbhliain i bPobalscoil Chorca Dhuibhne chuig tuismitheoirí ag cur comhairle.
Cathracha na hÉireann.
3 Aonad Bhitheolaíochta mar a leagtar amach sa leabhar:
1) Cén fáth a bhfuil sloinntí tábhachtach
Ábhair Scoile Réamhobair 1
22:14.
Aiste Meabharghalair.
Prós Garry Bannister 2/23/2019.
Brú staidéir (múinteoir) Réamhphlé
Prós Garry Bannister 4/4/2019.
Creatlach a chuideoidh leat an t-athrú a láimhseáil
TÚS NA LITREACH CONAS ATÁ CÚRSAÍ SA BHAILE? (how are things at home)
A Thig Ná Tit Orm Le Maidhc Dainín Ó Sé.
Bunscoil vs. Meánscoil Ar ball, beidh tú ag éisteacht le Pádraig, dalta ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, ag labhairt faoi na difríochtaí atá idir an saol.
Ceacht: Aer The first slide has two options – This is the second option.
Ag sealbhú Gaeilge Réamhobair 1
Iris na Scoile Réamhobair
Topaic / Topic: Pearsantachtaí / Personalities
Laghdaigh Athúsáid Athchúrsáil.
Presentation transcript:

Mo theaghlach Réamhobair 1 An féidir leat a rá go cruinn cé mhéad deartháir agus deirfiúr atá agat? Uaireanta bíonn an úsáid a bhaintear as na huimhreacha pearsanta (beirt, triúr, ceathrar etc.) beagán éagsúil ó Ghaeltacht go Gaeltacht agus sa Chaighdeán. Cinntigh, mar sin, go bhfuil an méid a deir tú ceart ó thaobh na canúna de nó ó thaobh an Chaighdeáin de. Ná bíodh rud éigin á rá agat nach bhfuil anseo ná ansiúd! 2. An féidir leat a rá go cruinn cén áit a dtagann tú sa teaghlach? i.e. An duine is sine, an duine sa lár, an duine is óige, páiste aonair agus araile. Beidh an briathar ‘Is’ ag teastáil uait.

Mo theaghlach Réamhobair 2 Bí ag obair leis an duine in aice leat agus cuirigí an leagan ceart den fhocal ‘bliain’ sna bearnaí. Aon ____________ déag Dhá ____________ déag Trí ____________ déag Ceithre ____________ déag Cúig ____________ déag Sé ____________ déag Seacht ____________ déag Ocht ____________ déag Naoi ____________ déag Fiche ____________

Mo theaghlach Réamhobair 3 Lig ort féin gur tusa an duine atá i gceist le ‘Mise’ thíos i ngach cás. Abair cé mhéad deartháir agus deirfiúr atá agat agus cén áit a dtagann tú sa chlann. Bíodh an méid a deir tú cruinn, ceart. Mise: 15, Pádraig: 13, Séamus: 11. Caitríona:17, Mise: 14. Michelle: 18, Sinéad: 16, Mise: 13. Niall: 19, Donncha: 17, Mise: 15, Sorcha: 12, Jimí: 9. Mise: 14.

Mo theaghlach Léamh Tá deartháir amháin ag Róisín Ní Chéileachair ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne. Léigh an cur síos seo a thugann sí ar an gcaidreamh atá eatarthu: An bhfuil deartháireacha agus deirfiúracha agat? Tá deartháir amháin agam. Tá sé níos óige ná mé. Tá sé sa tríú bliain. Agus conas a réitíonn sibh le chéile? Go maith, is dócha, ach uaireanta déanaimse rud éigin nó déanann sé sin rud éigin agus bímid i muineál a chéile. Conas a réitigh sibh le chéile nuair a bhí sibh beag? Ó nuair a bhíomar beag bhí gach rud go breá. Ní chuirimis isteach ar a chéile go deo. Bhíomar an-mhór le chéile nuair a bhíomar óg. Cathain a d’athraigh rudaí ansin? Is dócha nuair a tháinig mé go dtí an mheánscoil. Ní rabhamar chomh mór le chéile ansin is a bhíomar nuair a bhíomar níos óige. Agus ansin, is dócha nach raibh puinn ama againn dá chéile. D’athraigh rudaí an uair sin.

Mo theaghlach Iarphlé 1 Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: An bhfuil deartháireacha agus deirfiúracha agat? An réitíonn sibh go maith le chéile na laethanta seo? An bhfuil suim agaibh sna rudaí céanna? Cén cineál rudaí a thaitníonn leo siúd (ceol, cláracha teilifíse, caitheamh aimsire)? An bhfuil dealramh agat le do dheartháireacha / deirfiúracha? An tusa an duine is sine nó an duine is óige? Cé acu is fearr, dar leat?

Mo theaghlach Iarobair 2 A: Gan féachaint siar ar an bpíosa a bhí le rá ag Róisín, an féidir leat na rudaí seo a leanas a rá as Gaeilge? Scríobh síos i do chóipleabhar iad. How do you get on with one another? Do you get on well with one another? We’re very close. We fight. B: Cuir Gaeilge ar na focail seo: first cousin: _______________________ second cousin: _______________________ mother in law: _______________________ father in law: _______________________ godmother: _______________________ godfather: _______________________ twins / half-twin: _______________________ a couple: _______________________ adopted: _______________________

Mo theaghlach Iarobair 3 Féach ar na nathanna cainte seo a úsáidtear chun cur síos ar chaidrimh. An dtuigeann tú iad ar fad? An féidir leat cur leis an liosta tú féin? Bímid i muineál a chéile. Bímid ag achrann. Éiríonn troideanna eadrainn. Bíonn sé/sí ag scéachtaint (sceitheadh) orm go dtí Mam is Daid. Cuirimid isteach go mór ar a chéile. Réitímid go breá. Táimid an-mhór le chéile. Ní chuirimid isteach ná amach ar a chéile.

Mo theaghlach Iarobair 4 Tá córas speisialta in Éirinn ann do shloinnte. Is córas é atá in úsáid leis na mílte bliain. A: Tugann sloinnte Éireannacha eolas dúinn faoin duine. Féach ar na ráitis thíos agus abair an bhfuil siad fíor nó bréagach. Bíonn a fhios againn ón sloinne pé acu an bean nó fear atá i gceist. FÍOR nó BRÉAGACH Bíonn a fhios againn ón sloinne pé acu an bhfuil an fear pósta nó nach bhfuil. FÍOR nó BRÉAGACH Bíonn a fhios againn ón sloinne pé acu an bhfuil an bhean pósta nó nach bhfuil. FÍOR nó BRÉAGACH Bíonn na sloinnte céanna le fáil i ngach áit sa tír. FÍOR nó BRÉAGACH B: Úsáidtear córas speisialta ainmnithe sa Ghaeltacht – in ionad sloinne an duine a úsáid, úsáidtear ainm baiste a athar (nó uaireanta a mháthar). Pléigh é seo leis an duine in aice leat agus (i) smaoinígí ar shamplaí ó bhur gceantar féin (má tá sibh in bhur gcónaí sa Ghaeltacht) agus (ii) déanaigí amach cén t-ainm Gaeltachta atá/a bheadh ort féin!

Mo theaghlach Iarobair 5 Féach ar an dá lánúin phósta agus freagair na ceisteanna: Síle Ní Chonchúir agus Aodán Ó Muirí Aoife Nic Craith & Seamus Mac Giolla Bhríde Cén sloinne atá ar Shíle agus ar Aoife anois agus iad pósta? Cén sloinne a bheadh ar mhic na lánúineacha? Cén sloinne a bheadh ar iníonacha na lánúineacha? Cén sloinne atá ort féin? An mbaineann tú úsáid as do shloinne i nGaeilge nó i mBéarla, cén fáth?

Mo theaghlach Iarobair 6 D’ainm as Gaeilge A: Léigh an píosa gearr seo agus déan nóta de na focail nach dtuigeann tú. Fadó, ní bhíodh cead ag muintir na Gaeltachta a n-ainm a thabhairt as Gaeilge le haghaidh aon ghnó oifigiúil. Bhíodh dualgas orthu an leagan Béarla dá sloinne a chur ar theastas breithe a leanaí, mar shampla, agus ar cháipéisí a bhain le húinéireacht tí – aon rud oifigiúil agus dlíthiúil. Deirtí le muintir na Gaeltachta a d’insíodh a n-ainm as Gaeilge, rudaí ar nós “You must put your name in English. This is an official document.” Tháinig athrú ar an riail sin de réir a chéile ach thóg sé tamall fada ar oifigigh rialtais a meon a athrú. Fiú sa lá atá inniu ann, cloisfidh tú oifigigh ag rá rudaí cosúil le ‘What’s that in English?” nó “The computer can’t do fadas.” Tá an drochnós sin ag laghdú i gcónaí a bhuíochas do chúrsaí traenála agus feasachta atá déanta le daoine atá ag obair san Earnáil Phoiblí. B: Pléigh an cheist seo leis an duine in aice leat. An mbíonn deacrachtaí agatsa riamh nuair a úsáideann tú do shloinne i nGaeilge? Tabhair samplaí.

Mo theaghlach Iarobair 7 Earráid chomónta! Uaireanta cloiseann tú foghlaimeoirí Gaeilge ag rá rudaí cosúil le *‘beirt dhaoine’ nó *‘ceathrar daoine’. Tá sé sin mícheart – is dócha gur aistriúchán díreach ón mBéarla is cúis leis an earráid. Ná déan dearmad go gciallaíonn an focal beirt two people agus triúr three people agus mar sin de. Dá bhrí sin, ní féidir an focal ‘daoine’ a úsáid leis na huimhreacha pearsanta. Is féidir, áfach, an cineál duine atá i gceist a lua. Mar shampla: triúr daltaí ceathrar dochtúirí seisear peileadóirí