An Tionscnamh um Pleanáil Fhorbartha Scoile

Slides:



Advertisements
Similar presentations
You can type your own categories and points values in this game board. Type your questions and answers in the slides we’ve provided. When you’re in slide.
Advertisements

An Leanúnachas ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil lán-Ghaeilge ( Taighde reatha maoinithe ag Gaelscoileanna Teoranta) Dr Pádraig Ó Duibhir (Coláiste.
Cruthaitheacht agus Nuálaíocht Modúl
An tAer.
Topaic / Topic: Caitheamh Aimsire / Pastimes
Gnáthóga.
Máirt na hInide.
Féinmheastóireacht Scoile
Seisiún 1 Scileanna a fhorbairt le haghaidh réiteach fadhbanna
Tútancáman.
Tá breis is 30 cineál féileacán in Éirinn.
Roinnphleanáil d’Ábhair Scoile— Ag gluaiseacht ar aghaidh
An tOideachas in Éirinn
Gaeltacht Frankfurt Cur chun cinn na Gaeilge
Scoil & brú Réamhobair A. An féidir leat an leagan Gaeilge a aimsiú de na focail seo? Recession: _____________ Water safety: _____________ Rescue.
Dathanna glasraí Cad a chiallaíonn siad?.
An tSean-Róimh.
Páistí ar Saoire/ School Holidays
Bláth na hóige Réamhobair
Lagiolraí agus tréaniolraí
Stair mo Mhuintire.
Beo go Deo 4 Tearma 2, Ceacht 9
Bonneagar gréasáin – Prótacail Líonraí Ríomhairí: HTTP, TCP, IP, VOIP
An Tionscnamh um Pleanáil Fhorbartha Scoile
Leictreachas.
Coincheap na Teorann Ailgéabar & Calcalas
Cuspóir béim a leagan ar Fhoghlaim agus Teagasc
CRÍOSTÓIR Colambas.
Aidhm an lae inniu – féachaint ar:
Cad é go díreach is Oibrí Imirceach ann?
Réamheolas B Leibhéal C Leibhéal A Leibhéal
Ag staidéar trí Ghaeilge Réamhphlé 1
ag cothú spéise fonn léitheoireachta tuiscint teanga úsáid teanga
Obair Bhaile / Homework
Beo go Deo 4 Tearma 2, Ceacht 9
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS
Solaid, Leachtanna agus Gáis
An Tionscnamh um Phleanáil Fhorbartha Scoile
Péintéireacht 15ú Aois. Masaccio 1401 – 1428 Iodáil / Flórans.
Caibidil 18 Solas.
Sean ó Mórdha| M.Ruth | Rang a 6
Cárta Mistéireach / Céard é mise? Lean mise.
An Tionscnamh um Phleanáil Fhorbartha Scoile
Copyright © John O’Connor For non-commercial purposes only….. Enjoy!
Crua-earraí, Córas Oibriúcháin, Feidhmchlár, Úsáideoir
Blag/Cuntas Ceist 5 (either this or a ríomhphoist/ is asked)
CLÁR NA HIDIRBHLIANA Forbhreathnú
Uisce.
LárAonad Próiseála (LAP)
Ábhair Scoile Réamhobair 1
22:14.
An Scoil Fadó.
An Tionscnamh um Phleanáil Fhorbartha Scoile
Brú staidéir (múinteoir) Réamhphlé
Coibhlint in san Ionad Oibre
Ní Fhanann Rud Ar Bith Mar a Bhí
Creatlach a chuideoidh leat an t-athrú a láimhseáil
Ríomhairí agus an tsochaí
Patrúin Itheachán Teaghlaigh
Bainistiú Tionscadal & Cáilíochta
Trí Shúil an Cheamara.
Éifeachtúlacht algartaim
Tomhais Mo Phost RSO Mo Shaol atá ag Athrú How to play the game:
Comhéadan úsáideora Comhéadan úsáideora (user interface)
Bunscoil vs. Meánscoil Ar ball, beidh tú ag éisteacht le Pádraig, dalta ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, ag labhairt faoi na difríochtaí atá idir an saol.
Ag sealbhú Gaeilge Réamhobair 1
Luaigh Turais Scoile, Déan Mata
Féinmheastóireacht Scoile
Athbhreithniú ar Bhainistíocht Inscoile:
Ríomhchlárú loighce.
Presentation transcript:

An Tionscnamh um Pleanáil Fhorbartha Scoile “Tionscnamh ag scoileanna ar mhaithe le scoileanna” Seimineár Réigiúnach 2008 Féinmheastóireacht Scoile Fócas ar an Teagasc agus ar an bhFoghlaim

Aidhm Díriú ar an bhféinmheastóireacht mar straitéis chun cáilíocht an teagaisc agus na foghlama a fheabhsú: Go hachomair: Fiosrú a dhéanamh ar an gcaoi le cur chuige féinmheastóireachta i leith an teagaisc agus na foghlama a chothú mar chuid de phleanáil ábhar agus d’athbhreithniú leanúnach scoile

Taighde ar an bPFS – Torthaí ón Ríocht Aontaithe… Ní leanann feabhsú scoile PFS uaidh féin Ní mór go mbeadh fócas ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim agus ar ghnóthachtáil daltaí (MacGilchrist et al, 1995)

Féinmheastóireacht ar an Teagasc agus ar an bhFoghlaim Ceisteanna le breathnú: Cáilíocht ghafacht na ndaltaí Cáilíocht thaithí na foghlama Atmaisféar ranga

Plé “When I go into a classroom where the quality of learning is high, I see…” (Hesketh, 2008) “Nuair a théim isteach i seomra ranga a bhfuil ardcháilíocht foghlama ann, feicim…”

Cé na teicnící teagaisc a chabhraíonn le daltaí foghlaim (% an-chabhrach) Míníonn múinteoirí go soiléir (72%) Bíonn áit ann do spraoi (41%) Is féidir tuairim a chur in iúl (36%) Obair ghrúpa le cairde (30%) Obair phraiticiúil (30%) Nótaí a chóipeáil (29%) Rudaí a fháil amach (25%) Teagasc múinteora (18%) (ITES/CNCM) (ESRI/NCCA)

Fócas ar Fhéinmheastóireacht

Bealaí le cur chuig féinmheastóireacht: - eochairghnéithe A. Deis le Féinmheastóireacht a dhéanamh: Duine Aonair Roinn Ábhair Foireann B. Próiseas na Féinmheastóireachta: Cleachtas Reatha Cleachtas Feabhsaithe C. Critéir Rathúlachta – Torthaí Gafacht Daltaí Breisiú Gnóthachtála

Céard atá i gceist le féinmheastóireacht ar an Teagasc/ar an bhFoghlaim? Fiosrúchán córasach, bunaithe ar fhianaise, maidir le gné den teagasc agus den fhoghlaim Tá sé mar aidhm aici a fháil amach cé chomh maith is atá an roinn/an múinteoir ag cruthú i gcomparáid le caighdeáin aontaithe i leith dea-chleachtais Treoraíonn sí an múinteoir/roinn an ábhair maidir le roghnú tosaíochtaí i bpleanáil le haghaidh feabhsúcháin

Féinmheastóireacht ar an Teagasc agus ar an bhFoghlaim Is féidir/Ba cheart go mbeadh sí mar chuid d’fhócas forbarthach ranna ábhar Is féidir le múinteoir aonair í a dhéanamh chun tacú le cleachtas machnamhach mar chur chuige i leith feabhsú teagaisc agus foghlama Céard é do thaithí go dtí seo?

Réimsí a bhféadfadh Ranna Ábhar/Múinteoirí díríú orthu le haghaidh Féinmheastóireachta Torthaí na foghlama Critéir rathúlachta Luas Ceistiúchán Straitéisí litearthachta m.sh: úsáid eochairfhocal Difreáil Measúnú/obair bhaile Eagrú ranga Caidreamh múinteora-dalta Atmaisféar ranga Obair ghrúpa/phéire

Próiseas na Féinmheastóireachta - eochairchéimeanna I gcás réimse tofa: Déan cinneadh faoi céard atá i gceist le dea-chleachtas Bailigh sonraí iontaofa faoin gcleachtas mar atá Comhordaigh agus bain ciall as na sonraí– fianaise Bain tátail bhailí as na sonraí gur féidir seasamh leo Roghnaigh tosaíochtaí le haghaidh feabhsú pleanáilte

Uirlisí na Féinmheastóireachta Ceistneoirí Agallaimh Breathnóireacht Anailís ar obair daltaí Corrsheiceáil Anailís ar theagmhas criticiúil Anailís réimse fórsa Póstaeir, greamáin, ticéid scoir Fiosrú grianghrafchuidithe Féach Aonad 5, Dréacht-threoirlínte PFS (lth. 21-24)

Ag obair i gcomhpháirt le daltaí mar chuid d’fhéinmheastóireacht Trí uirlis shamplacha le húsáid: Anailís réimse fórsa Corrsheiceáil Ceistneoir ar mhodheolaíochtaí múinteoireachta Tógadh na trí shleamhnán seo a leanas ó MacBeath, 2005: The Self-Evaluation File

An Réimse Fórsa

Corrsheiceáil An intinn dírithe 1 2 3 Ag smaoineamh ar rudaí eile Airdeallach Codlatach Suaimhneach Míshuaimhneach Ag iarraidh bheith anseo Ag iarraidh bheith áit éigin eile Sona Brónach Gníomhach Éighníomhach Spreagtha Bréan den obair An t-am ag imeacht go tapaidh An t-am ag imeacht go mall Lán d’fhuinneamh Fíorbheagán fuinnimh Rud éigin i ngeall air Gan faic i ngeall air Cuideachtúil Uaigneach Furasta an intinn a dhíriú Deacair an intinn a dhíriú Croíúil Cantalach Furasta bheith cruthaitheach Deacair bheith cruthaitheach

Ag éisteacht leis an múinteoir Ceistneoir ar mhodheolaíochtaí teagaisc: Cé chomh minic is a úsáidim an cur chuige seo? Cé chomh mór is a chabhraíonn sé leat foghlaim? Ag éisteacht leis an múinteoir Ag tabhairt freagra ar cheisteanna an mhúinteora Ag déanamh turgnamh Ag obair ar an ríomhaire Ag féachaint ar fhíseán Ag éisteacht le téip Rólghlacadh Ag obair i ngrúpa Ag breacadh nótaí fad atá an múinteoir ag caint Ag breacadh nótaí ó leabhar nó ó bhileog oibre Ag cruthú rudaí (MacBeath, 2005 lth. 26-28)

Cáilíocht an Teagaisc agus na Foghlama (Ag Breathnú ar an Scoil Againne, Réimse 4) Atmaisféar Ranga Meas Idirghníomhaíochtaí Timpeallacht Dearbhchothú Foghlaim Gafacht Tuiscint Eolas agus inniúlacht Comhfhoghlaim/Foghlaim neamhspleách Cumarsáid Modheolaíocht Modheolaíochtaí cuí Soiléire ó thaobh aidhme de Luas agus struchtúr an cheachta Raon straitéisí Úsáid acmhainní Bainistiú Ranga Smacht Bainistiú gníomhaíochtaí foghlama Dúshlán & inspreagadh

Cáilíocht an Teagaisc agus na Foghlama (Ag Breathnú ar an Scoil Againne, Réimse 4) Gné B: Teagasc agus Foghlaim Comhpháirt iv: Foghlaim Téama: “A ghníomhaí agus a neamhspleáí a bhíonn daltaí gafa sa bhfoghlaim, agus an chaoi a léirítear cáilíocht a dtuisceana ina gcuid ceistiúcháin agus ina gcuid freagraí ar cheisteanna”

Straitéis Teagaisc agus Foghlama Fócas ar Cheistiúchán Straitéis Teagaisc agus Foghlama

Plé Cén aidhm atá leis na ceisteanna a chuireann sibh le linn rang ar bith?

Cén fáth a gcuirimid ceisteanna? Chun spéis agus inspreagadh a fhorbairt Chun ullmhúchán agus réamheolas daltaí a mheas Chun deacrachtaí nó bacainní foghlama a aithint Chun daltaí a spreagadh le ceisteanna a chur Chun foghlaim neamhspleách a spreagadh Chun obair bhaile/obair ranga a sheiceáil Chun smaointeoireacht chriticiúil/scileanna fiosrúcháin a fhorbairt Chun gnóthachtáil a mheas

Céard atá á iarraidh ar dhaltaí nuair a chuirtear ceist orthu? I gcás ceiste ní mór don dalta: Aire a thabhairt/éisteacht/an bhrí a thabhairt leis An chiall a oibriú amach Freagairt neamhfhollas a ghiniúint (i.e. freagra a chumadh san intinn) Freagairt fhollas a ghiniúint – agus an fhreagairt a athbhreithniú b’fhéidir mar thoradh ar bhreis ceistiúcháin ón múinteoir Machnamh a dhéanamh agus foghlaim trí phlé

Tráth feithimh: Tar éis Ceist a chur Meán-tráth feithimh - 1 soicind Tá neartú gnóthachtála ceangailte le méadú sa tráth feithimh go 3 shoicind nó os a chionn, tar éis ceist íos-oird a chur Dealraíonn sé nach bhfuil aon tairseach a bhaineann le tráth feithimh i gcás ceisteanna ardoird. Ach dá fhad é an tráth feithimh is ea is mó gafacht na ndaltaí

Cén saghas ceisteanna a chuireann tú Cén saghas ceisteanna a chuireann tú? (Féach Tacsanamaíocht um Cheistiú Bloom) Eolas Tuiscint Feidhmiú Anailís Sintéis Meastóireacht

Pleanáil le haghaidh Ceistiúcháin Curtha in oiriúint ó E C Wragg Aithin na heochaircheisteanna i leith rúin fhoghlama an cheachta Déan cinneadh maidir le leibhéal, ord agus uainiú na gceisteanna Leathnaigh an ceistiúchán – ag smaoineamh ar fhocheisteanna le cur Déan anailís ar fhreagraí a bhfuil tú ag súil leo agus ar fhreagairtí a d’fhéadfaí a thabhairt

Ceistiúchán sa Seomra Ranga Saincheisteanna le breathnú Aithin raon/éagsúlacht reatha na gceisteanna Riachtanas cognaíoch – meabhrú nó cruthaitheach/le haghaidh meastóireachta Tráth feithimh 1 agus tráth feithimh 2 Cén chaoi a roghnaítear an freagraí? Freagairt ‘Gan lámha in airde’ Na freagraí ceaptha ag péirí, grúpaí srl. Cén chaoi a bpléitear le ‘freagraí míchearta’? ‘Cultúr’ an tseomra ranga ó thaobh freagraí a thabhairt – ‘slán’ freagra a thabhairt Cén chaoi a dtógtar ar ‘sheisiúin cheistiúcháin’? Ceisteanna ceaptha ag daltaí – (triailcheisteanna san áireamh)

Próiseas na Féinmheastóireachta Eochairchéimeanna i leith ceistiúcháin: Déan cinneadh faoi céard atá i gceist le dea-chleachtas i ndáil le ceistiúchán Bailigh sonraí iontaofa faoin gcleachtas atá agat i leith ceistiúcháin (Cén chaoi a ndéanfá é seo?) Comhordaigh agus bain ciall as na sonraí atá bailithe agat maidir leis an leas a bhaineann tú as ceisteanna - fianaise Cé na tátail is féidir leat a bhaint as an bhfianaise seo faoin leas a bhaineann tú as ceisteanna Leag síos tosaíochtaí ó thaobh bealaí nua le cur chuig ceistiúchán le haghaidh feabhsú pleanáilte 28

Ceardlann Agus athruithe sa chur chuige atá agat i leith ceistiúcháin curtha i gcrích agat thar thréimhse, conas a thabharfá faoina n-éifeachtacht a mheas? Cén fhianaise/Cé na táscairí a lorgófá lena léiriú go raibh bealaí nua sa chur chuige ag déanamh difríochta?

Straitéisí Feabhsaithe i leith Ceistiúcháin: Táscairí/Torthaí Straitéis ann i leith ceistiúcháin – (minicíocht, in oiriúint do chumas, AO, ÍO, srl.) Gafacht níos fearr ag daltaí – (níos mó rannpháirtíochta i ngnáthaimh cheistiúcháin ó bhéal) Daltaí laga níos sofhreagraí Daltaí cumasacha ag úsáid níos mó scileanna ardoird smaointeoireachta Feabhas i ngóthachtáil – neartú i dtriailscóir Níos lú cur isteach ar obair ranga Níos mó gafachta le hObair Bhaile Cáilíocht an Obair Bhaile feabhsaithe Idirghníomhaíocht dhearfach múinteora-dalta Níos mó sásaimh as post an mhúinteora Eile?

Cén chaoi ar féidir leat cur chuige féinmheastóireachta i leith an teagaisc agus na foghlama a chur chun cinn/a dhaingniú i do scoil? Spreag gach roinn chun réimse le forbairt/le meastóireacht a dhéanamh air a roghnú gach bliain Pléigh leis an bhfoireann bealaí le tabhairt faoi chur chuige córasach i leith féinmheastóireachta Cuir béim ar a thábhachtaí atá sé leas a bhaint as taighde/teoiric atá ar fáil faoin réimse tofa Spreag cur chuige comhoibritheach – comhroinnt teoirice, forbairt uirlisí comhchoiteanna um meastóireacht, piarbhreathnóireacht Aithin pócaí dea-chleachtais agus aimsigh bealaí lena gcomhroinnt Spreag baill gach roinne chun tuairisc a thabhairt dá gcomhghleacaithe ar thorthaí phróiseas na meastóireachta – torthaí fhoghlaim na roinne de bharr a cuid oibre

Ábhair Bhreise

Bheith in ann ceisteanna a chur sa rang CNCM/ITES (NCCA/ESRI): Gearing up for the Exam Gnéithe de thaithí daltaí a bhí mar bhun le hidirghníomhaíochtaí dearfacha le múinteoirí Bheith in ann ceisteanna a chur sa rang Moladh a fháil as freagraí sa rang/obair scríofa mhaith Go gcaitear leo le cothroime agus le meas Aiseolas dearfach Comhairliúchán le daltaí faoina gcuid foghlama / saincheisteanna a bhaineann lena dtaithí scoile Iad a bheith san áireamh sa phróiseas cinnteoireachta

Gan aon aiseolas dearfach a fháil i leith a gcuid oibre CNCM/ITES (NCCA/ESRI): Gearing up for the Exam Gnéithe de thaithí daltaí a bhí mar bhun le hidirghníomhaíochtaí diúltacha le múinteoirí Gan aon aiseolas dearfach a fháil i leith a gcuid oibre Múinteoirí ag tabhairt amach dóibh go minic as mí-iompar sa rang nó gan an obair a bheith déanta acu Gan go leor misnithe nó dúshláin le suim/ gafacht a choinneáil Fabhraíocht a léiriú i gcás daltaí áirithe (bheith níos déine ar bhuachaillí ná ar chailíní) Bhraith os cionn 10% de dhaltaí nach raibh obair scoile suimiúil

Straitéisí don Seomra Ranga Chun daltaí a spreagadh le bheith rannpháirteach agus chun déileáil go héifeachtach lena bhfreagraí, breathnaigh iad seo a leanas: Smaoinigh, déan péirí, comhroinn, déan grúpaí de cheathrar Tabhair leid do dhaltaí Bain úsáid as freagra mícheart ag dalta chun tuiscint a fhorbairt Bíodh níos mó ná dalta amháin / rang iomlán páirteach sa fhreagra Éist agus freagair go dearfach (tabhair seal beag, tabhair leid, tabhair moladh) Chun cabhrú le daltaí a gceisteanna féin a cheapadh: Samhaltaigh an ceistiú do dhaltaí Cuir deiseanna ar fáil do dhaltaí chun a scileanna a chleachtadh Cuir am san áireamh le haghaidh ceisteanna ó dhaltaí agus le plé éifeachtach a dhéanamh ar na ceisteanna sin

Fréamhacha Ceisteanna Cén chaoi ar féidir linn bheith cinnte go…? Céard atá mar an gcéanna agus céard atá difriúil i gcás…? An mbíonn sé fíor/bréagach riamh/i gcónaí go …? Cén fáth go dtugann ___, ___ agus___ an freagra céanna? Cén chaoi a …? Cén chaoi a míneofá…? Céard a insíonn sé sin dúinn i dtaobh …? Céard atá cearr le …? Cén fáth go bhfuil ___ fíor?

Tuiscintí ginearálta i leith ceistiúcháin Ó thaobh na gnóthachtála de tá níos mó éifeachta ag baint le ceacht ina gcuirtear ceisteanna ná mar atá i gceacht gan cheisteanna Tá ceistiúchán ó bhéal le linn ranga níos éifeachtaí ó thaobh chur chun cinn na foghlama de ná mar atá ceisteanna scríofa Leanann breis tuisceana ceisteanna a dhíríonn ar eochairphointí Tá nasc dearfach idir ceisteanna a chur le linn plé ranga agus foghlaim fíricí

Tuiscintí breise I gcás grúpaí atá lagchumasach – tá nasc dearfach idir úsáid rialta ceisteanna íosoird agus gnóthachtáil Leanann gnóthachtáil bhreise san fhoghlaim méadú i gceistneoireacht ardoird (os cionn 20%) Ardaíonn ionchas múinteoirí ina leith siúd atá ceaptha bheith ina bhfoghlaimeoirí laga nuair a mhéadaítear úsáid ceisteanna ardoird go 50%

Cáilíocht na foghlama sa seomra ranga? (John West Burnham) ÉADOMHAIN (CÉN RUD) DOMHAIN (CÉN CHAOI) FODHOMHAIN (CÉN FÁTH) MEÁIN Cuimhne Machnamh Iomas TORTHAÍ Faisnéis Eolas/Fios Gaois FIANAISE Macasamhlú Tuiscint Brí INSPREAGADH Eisintreach Intreach Fíréanta DEARCADH Comhlíonadh Léirmhíniú Cruthaitheacht CAIDREAMH Spleáchas Idirspleáchas Neamhspleáchas

Ráitis Shamplacha – Tuarascálacha CÁ 08 …ceistiúchán i scríbhinn, ó bhéal, agus pictiúrtha …díríodh ceisteanna ar dhaltaí ar leith …tugadh spás do dhaltaí lena bhfreagraí a réiteach agus gríosaíodh iad lena lámha a ardú sular roghnaíodh freagraí