Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

An Gnáthrud Le Déirdre Ní Ghrianna.

Similar presentations


Presentation on theme: "An Gnáthrud Le Déirdre Ní Ghrianna."— Presentation transcript:

1 An Gnáthrud Le Déirdre Ní Ghrianna

2 Príomhcharachtair an Ghearrscéil
Ba ghnáthfhear é Jimmy. Ba ghnáthbhean í Sarah. Bhí gnáthchlann acu:-John, Elizabeth agus Margaret.

3 Ach, bhí cónaí orthu i mBéal Feirste.

4 Tá ballaí síochána sa tuaisceart go fóill.
Cathair faoi sceimhle is ea í cathair Bhéal Feirste 

5 I dTuaisceart na hÉireann,
is gnáthrudaí iad foréigean, seicteachas, easpa síochána agus doirteadh fola. Duine lách uasal agus oibrí dícheallach ba ea Jimmy. Duine grámhar a bhí ann. Ach “ Amuigh ar an tsráid, agus ceo na Samhna thart air, ní raibh in Jimmy ach duine gan ainm.” Bhí Jimmy soineanta, tuisceanach agus cineálta mar dhuine. Ach bhí sé san áit mhícheart ag an am mícheart.

6 Dúnmharú Jimmy Dúnmharaíodh Jimmy go cruálach. Ní raibh aon aithne ag an sceimhlitheoir ar Jimmy ná ar a chlann. Mharaigh sé é mar gheall ar a chreideamh. Gníomh cruálach, seicteach a bhí ann. Ní raibh sé ceart ná cóir.

7 EOCHAIRPHOINTÍ Gearrscéal nua-aimseartha is ea é.
Tá an gearrscéal suite i gcathair Bhéal Feirste. Faighimid léargas ar dháiríreacht (seriousness) agus teannas na dTrioblóidí. Is scéal é faoi ghnáth-theaghlach agus lánúin óg le triúr páiste. Ní heol dúinn cén creideamh atá acu. Dhealródh sé (it would seem) gur protasúnaigh iad mar gheall ar ainmneacha na bpáistí. 7

8 NA CARACHTAIR Jimmy (Fear Céile) Sarah (Bean Chéile) Na Páistí -John
-Elizabeth -Margaret Mioncharachtair -Billy (an bríceadóir agus cara le Jimmy) - An bhean freastail Liz. Oibríonn sí sa bhialann Shíneach, an Jasmine Palace. 8

9 MÓRTHÉAMAÍ AN SCÉIL Tugtar léargas (insight) dúinn ar shaol na cosmhuintire (life of common people) le linn na dTrioblóidí agus réaltacht an tsaoil (reality of life) ag an am sin. Feicimid grá agus cion Jimmy agus Sarah dá chéile agus dá bpáistí. Sonraítear sceimhle, foréigean agus brúidiúlacht na cogaíochta (terror, violence and brutality of war). Rianaítear tréithe na maitheasa agus an oilc a bhaineann leis an gcine daonna (good and evil traits of humanity). 9

10 MÓRTHÉAMAÍ AN SCÉIL Léirítear tábhacht an chairdis agus na dílseachta. (importance of friendship and loyalty) Cuirtear uaigneas crúálach an tsaoil abhaile orainn m.sh. Billy agus Liz? Is léir gur carachtair uaigneacha iad Billy agus Liz agus go bhfuil siad ag streachailt (struggling) leis an saol. Tá Jimmy tuisceanach agus cairdiúil leo beirt.

11 JIMMY Fear maith grámhar iontaofa (good loving reliable man) is ea é.
Oibríonn sé go crua (hard worker) mar bhríceadóir ar mhaithe lena theaghlach. Is duine séimh síochánta é nach bhfuil fonn na hargóna ná na coimhlinte air. (did not want arguments or conflict) Níor thaitin sé leis a bheith imithe ón chlann ar feadh i bhfad. Bhí sé tiomanta go hiomlán (completely dedicated) do shaol an teaghlaigh. 11

12 SARAH Bean dhathúil álainn í Sarah atá tarraingteach de réir dealraimh. Bhí dualgais na máthar á gcomhlíonadh (fulfilling motherly duties) aici go fonnmhar agus thug sí aire mhaith do na leanaí. Tá pearsantacht láidir aici agus is cosúil go bhfuil rian den eagla (a bit afraid) ar Jimmy roimpi. I ndeireadh na dála, níl uaithi ach teach cluthar (comfortable home) agus clann atá sásta lena gcuid (happy with their lot). Is cinnte nach bhfuil an deireadh tragóideach leis an scéal seo tuillte (deserved) aici. 12

13 BILLY Comrádaí le Jimmy is ea é atá roinnt mhaith níos sine ná é.
Tá sé tugtha don (addicted to) ól agus ragairne agus tá sé ag titim ar gcúl ó thaobh na hoibre dá bharr. Taispeánann Jimmy tuiscint dó agus deir sé leis an ‘gaffer’ nó an saoiste go gcoimeádfaidh sé súil air. 13

14 LIZ Is bean óg í atá tréigthe ag athair a páiste.
Oibríonn sí i mbialann shíneach; an Jasmine Palace. Tugann a páirt sa scéal léiriú dúinn in athuair ar chineáltas agus ar shéimhe Jimmy. 14

15 Cad Is Gearrscéal Ann? Agus é ag caint ar sheánra an ghearrscéil, dúirt Frank O’ Connor (ina leabhar The Lonely Voice) “ a whole lifetime must be crowded into a few moments”. Rinneadh díreach sin in An Gnáthrud. Creidim gur insíodh scéal tragóideach shaol Jimmy dúinn ar bhealach éachtach sa ghearrscéal. Fuair mé oscailt súl ar thragóid na huaire ó thaobh an tseicteachais (tragedy of the time in relation to sectarianism). Baineadh geit uafásach asam nuair a dúnmharaíodh duine chomh soineanta, álainn le Jimmy agus gan rud ar bith déanta as bealach aige.

16 Scéal tragóideach Jimmy inste trí mheán íomhánna
Féach ar scéal Jimmy inste ar bhealach difriúil anseo thíos: Gaelgory. (2011). An Gnáthrud le Déirdre Ní Ghrianna. [Online Video]. 29 October Available from:  [Accessed: 5 December 2016].

17 Imeachtaí an Scéil: Obair Bhaile
Déan achoimre ar an scéal ag úsáid sé phríomhphointe. Bíodh an cur síos gearr ach scríofa ag úsáid abairtí iomlána. 1 2 3 4 5 6


Download ppt "An Gnáthrud Le Déirdre Ní Ghrianna."

Similar presentations


Ads by Google