Download presentation
Presentation is loading. Please wait.
1
An Dobhriathar
2
an dobhriathar ama an dobhriathar aidiachtach an dobhriathar cainníochta an dobhriathar ceisteach an dobhriathar spáis/ treo
3
an dobhriathar ama inniu arú amárach arú inné amárach inné
4
an dobhriathar ama inniu riamh choíche
..agus beidh sí choíche amhlaidh Bhí sí riamh mar sin…
5
an dobhriathar ama Dé Luain Dé Máirt Dé Céadaoin Déardaoin Dé hAoine
Dé Sathairn Dé Domhnaigh Faoi Eanáir Faoi Fheabra Faoi Mhárta Faoi Aibreán Faoi Bhealtaine Faoi Mheitheamh Faoi Iúil Faoi lúnasa Faoi Mheán Fómhair Faoi Dheireadh Fómhair Faoi Shamhain Faoi Nollaig
6
an dobhriathar ama san earrach sa samhradh sa gheimhreadh san fhómhar
7
an dobhriathar ama i dtosach i lár i rith an earraigh le linn
ar feadh i gceann go ceann an earraigh an tsamhraidh an fhómhair an gheimhridh
8
an dobhriathar ama i dtosach na i lár na i rith na le linn na ar feadh
i gceann go ceann seachtaine míosa bliana
9
an dobhriathar ama inniu Le seachtain (anuas) Le mí iomlán
Le blianta beaga anuas inniu Ar feadh seachtaine Ar feadh míosa Ar feadh na mblianta
10
an dobhriathar ama I have been getting ready for a week
Táim ag ullmhú le seachtain anois. I shall be in Paris for a week. Beidh mé I bPáras ar feadh seachtaine I have been learning music for this past while. Táim ag foghlaim ceoil le tamall anois. I was learning French for a while Bhí mé ag foghlaim Fraincise ar feadh tamaill.
11
an dobhriathar aidiachtach
Is féidir dobhriathar a dhéanamh d’aidiacht leis an mhír bhriathra ‘go’ áit álainn Tá sé go hálainn. aimsir the Tá an aimsir go te. Is iontach an rud é Beidh sin go hiontach.
12
an dobhriathar aidiachtach
Fágtar an mhír bhriathra ‘go’ ar lár má tá dobhriathar eile nó frása dobhriathra á cháiliú: fear tuirseach Táim tuirseach go leor. Bean shásta Tá sí sásta a dóthain. áit álainn Tá sé cuibheasach álainn. aimsir the Tá sé measartha te. Is fada uainn é Beidh sé sách fada uainn.
13
an dobhriathar ama He was somewhat late. Bhí sé cuibheasach déanach.
She did reasonably well. Rinne sí measartha maith. It situated far enough away from the centre. Tá sé suite fada go leor ón lár. It’s not high enough. Níl sé sách ard.
14
an dobhriathar cainníochta
Ní úsáidtear an mhír bhriathartha ‘go’ leis na dobhriathra cainníochta Is iad: ar fad, beagnach, measartha, cuibheasach, sách.
15
an dobhriathar ceisteach
Is iad seo a leanas na dobhriathra ceisteacha sa Ghaeilge: Cá bhfuil tú ag dul? Cá mhinice a dúirt mé leat é? Cá fhad a bheidh tú thar lear? Cé mhéad? How much/many? Cathain a thiocfaidh tú abhaile? Cad é mar atá tú? Conas a tharla sin?
16
An Dobhriathar Spáis agus Treo
17
Dobhriathra ionaid thall ansin! anseo abhus
18
Dobhriathra ionaid anseo abhus thall ansin sall anall Táim ag dul
Táim ag dul/ teacht ansin Táim ag teacht anall abhus
19
ionad istigh amuigh
20
gluaiseacht chothrománach
amach amuigh
21
gluaiseacht chothrománach
istigh isteach
22
gluaiseacht chothrománach agus ingearach
MISE thuas thuas ag teacht aníos ag teacht anuas ag dul suas MISE ag dul síos MISE thíos thíos MISE MISE thíos
23
An compás thuaidh mise thoir thiar theas
24
an compás ó thuaidh Táim ag dul. siar soir ó dheas
25
an compás aduaidh Táim ag teacht anoir aniar aneas
26
nathanna Tháinig tú aniar aduaidh orm!
27
nathanna Tá thiar orm anois!
28
nathanna Scaip siad soir siar
29
nathanna Tá thiar orm anois!
30
nathanna Chuaigh sé siar ar a ghealltanas
31
nathanna Baineadh siar asam
32
Is mó atá mé siar ná aniar leis
nathanna Praghas an-íseal! Úinéir amháin! Margadh den scoth! Is mó atá mé siar ná aniar leis
33
nathanna Tá sé taobh thall de mo chumas
34
nathanna Tá cos thall agus cos abhus aici
35
nathanna Tá sí ag gabháil aniar
36
Tástáil (abair ar bhealach eile!)
thiar is abhus an cúl agus an aghaidh taobh thiar aniar. an cúl chun tosaigh Tá thiar orm le mo chuid oibre. Táim tite chun deiridh le mo chuid oibre. Ná bíodh siar ná aniar agat leis! Ná bí ag moilleadóireacht leis! Tá tú anseo ar deireadh is ar siar! Tá tú tagtha sa deireadh thiar thall. Tháinig an scéal faoina pósadh aniar aduaidh orm. Bhain an scéal faoina pósadh stangadh asam. Ní tharlóidh a leithéid go dtaga siar aniar. Ní tharlóidh aon rud mar sin go deo. Dúirt mé anonn is anall leis é! Dúirt mé lena aghaidh é.
37
Tástáil (abair ar bhealach eile!)
anonn in aois aosta go leor Ná bíodh anonn na anall ann! Na bíodh aon mhíthuiscint ag baint leis! Ní luaithe anonn ná anall é. Bíonn fuadar faoi i gcónaí, ní shuíonn sé síos. riamh anall ó thús ama Chaith sise obair an tí sall ormsa. Thug sise ormsa obair an tí a dhéanamh. Tá sí ag gabháil anoir. Tá sí ag feitheamh clainne. Mise atá thíos leis. Is mise a chaill airgead mór dá dheasca. Níor fhág sí thíos ná thuas air é. Thug sí léasadh ceart dá teanga dó.
38
Tástáil (abair ar bhealach eile!)
Ní bhíonn toinnte éadaigh orthu. Ní bhíonn snáithe éadaigh orthu. Beidh tú thuas leis. Beidh tairbhe le fáil agat as. Níl aon chur amach agam air. Níl aon eolas agam faoi. Bhí craic amach is amach againn. Bhí spórt an domhain againn. Is é an fhoireann is fearr amuigh is amach é. Níl aon fhoireann eile a bheadh inchurtha leosan. Tá sé amuigh air go n-ólann sé. Deirtear go mbíonn seisean ag ól. Bíonn muid isteach is amach lena chéile. Bímid mór le chéile. istigh is amuigh ar caoga Euro thart ar caoga Euro
Similar presentations
© 2025 SlidePlayer.com. Inc.
All rights reserved.