Download presentation
Presentation is loading. Please wait.
1
Fianaise agus Finnéithe
AONAD 7 Fianaise agus Finnéithe Níl aon téacs don sleamhnán seo.
2
Ag obair mar staraí … Fianaise … grianghraif nuachtáin
ag breathnú / ag láimhseáil marcanna pileár fíor-rudaí iarsmalanna leabharlanna Finnéithe a bhí … ann agus páirteach ann agus ag faire ann ina dhiaidh Mar atá ar an sleamhnán An dá phictiúr: Ar barr: Ard-Oifig an Phoist, scriosta – Aibreán 1916 Ar bun: marc piléir ar cholún ag Ard-Oifig an Phoist – le feiceáil go fóill
3
Fianaise ó ghrianghraif…
Bíonn fianaise ó ghrianghraif an-tábhachtach mar go dtugann grianghraif léiriú soiléir i bhfoirm phictiúrtha ar an rud a bhíonn ag tarlú nó díreach tarlaithe.
4
Seo pictiúr de léirsiú nó mórshiúl i mBaile Átha Cliath thart ar 100 bliain ó shin.
Cad atá le feiceáil sa phictiúr? Cén dá rud is spéisiúla faoin bpictiúr, dar leat? Cad atá á phlé ag an mórshiúl seo, dar leat? An dóigh leat gur tharla an agóid seo roimh, nó i ndiaidh, Sheachtain na Cásca? Cén fáth?
5
Seo pictiúr a tógadh Luan Cásca, an lá a thosaigh an tÉirí Amach.
Cad atá le feiceáil sa phictiúr? Cad atá ag tarlú nó díreach tarlaithe? An iad na reibiliúnaigh nó saighdiúirí na Breataine atá anseo? Cá bhfios duit? (Na Briotanaigh - ní raibh aon chapall ag na reibiliúnaigh).
6
Seo pictiúr a tógadh le linn Sheachtain na Cásca, i mBaile Átha Cliath.
Cad atá le feiceáil sa phictiúr? Cad atá ag tarlú? An dóigh leat gur reibiliúnaigh nó saighdiúirí na Breataine atá anseo? Cén fáth? Nod don mhúinteoir: Cearnóg Mhuirfean atá anseo – siopa leabhar Greene le feiceáil.
7
Seo pictiúr a tógadh díreach i ndiaidh an Éirí Amach.
Cad atá le feiceáil sa phictiúr? Cad atá tarlaithe? An iad na reibiliúnaigh nó saighdiúirí na Breataine atá anseo? Cá bhfios duit? Cén fáth go bhfuil na rothair le feiceáil? Don mhúinteoir: Seo í Ard-Oifig an Phoist – gafa arís ag arm na Breataine ar an Satharn/Domhnach. Tá sí scriosta, dóite. Is léir go bhfuil an díon imithe, solas an lae ag teacht isteach. Na rothair – sin iad na rothair a bhíodh in úsáid ag na buachaillí teileagraim chun teachtaireachtaí a thabhairt timpeall. Ní bhaineann an buachaill ar chlé le 1916 ach léirítear cé chomh hóg agus a bhíodh na buachaillí teileagraim.
8
Seo pictiúr a tógadh le linn an Éirí Amach.
Cad atá le feiceáil sa phictiúr? Cén saghas daoine atá sa phictiúr? Cad atá ag tarlú? Bradaíocht – leanaí ag bailiú adhmaid. Bhí an t-adhmad ag teastáil don tine sa bhaile mar ní raibh airgead acu chun gual a cheannach.
9
Seo pictiúr a tógadh i mBaile Átha Cliath i 1916.
Cad atá le feiceáil sa phictiúr? Cad atá ag tarlú nó díreach tarlaithe? An iad na reibiliúnaigh nó saighdiúirí na Breataine atá anseo? Cá bhfios duit? An dócha go bhfuil an tÉirí Amach thart nó fós ag tarlú? Cén fáth? Is cosúil gur baracáid sráide a bhí anseo – déanta ag na reibiliúnaigh chun bac a chur le harm na Breataine. Saighdiúirí na Breataine atá anseo mar tá na reibiliúnaigh a bhí ann gafa agus sa phríosún (nó éalaithe abhaile) faoin tráth seo. Cén fáth, dar leat, go bhfuil daoine thart timpeall?
10
Nuachtáin, Dialanna agus Logleabhair
Fianaise scríofa… Nuachtáin, Dialanna agus Logleabhair Bíonn fianaise scríofa an-tábhachtach freisin mar tugann nótaí, nuachtáin, dialanna agus logleabhair cur síos cruinn ar eachtraí a tharla, nó a tuairiscíodh.
11
Nuachtáin… Dréachtaí ó nuachtáin Is léir go raibh scéal an Éirí Amach mar mhórscéal in Éirinn agus ar fud an domhain. Cad atá le feiceáil agus le léamh ar na nuachtáin seo?
12
Logleabhar… sa bhosca bruscair!
Tá an scéal faoin logleabhar ar fáil i Leabhar B, Aonad 7. Is féidir dul go díreach go leathanaigh an logleabhair agus breathnú ar an leabhar, leathanach ar leathanach ag:
13
Dialann thábhachtach…
Dialann an-spéisiúil í seo. Bhí cónaí ar Henry Hanna i nDroichead na Dothra (gar don RDS) i Bhí sé báúil leis na Briotanaigh agus i rith Sheachtain na Cásca, d’fhág sé a theach in amanna chun arán agus feoil a thabhairt do na saighdiúirí a bhí ag troid i gcoinne na reibiliúnach. Chaith an tUasal Hanna cuid mhaith den tseachtain in áiléar a thí mar bhí sé ábalta formhór dá raibh ag tarlú sa chathair a fheiceáil ón bpointe ard sin. Choimeád sé cuntas an-spéisiúil ar a thuiscint ar imeachtaí na seachtaine móire, agus na seachtaine ina dhiaidh sin arís. Aon fhocal amháin a bhí scríofa ag Hanna do gach ceann de na laethanta sin. Féach ar na focail. Cad is brí leo? Cad a thugann gach focal le fios faoina raibh ag titim amach? Tá dialann Henry Hanna i gColáiste na Tríonóide anois.
14
FIANAISE FHÓTAGRAFACH
Soldiers Géilleadh – 29 Aibreán 1916 FIANAISE FHÓTAGRAFACH FIANAISE SCRÍOFA Tá an cháipéis agus an pictiúr seo ar chuid den fhianaise is tábhachtaí ó Éirí Amach na Cásca. An cháipéis: Nóta géillte Phádraig Mhic Phiarais (dáta agus am luaite) agus an nóta sínithe freisin ag Séamas ó Conghaile agus ag Tomás Mac Donnchadha. Seo é go díreach atá scríofa sa nóta géillte: In order to prevent the further slaughter of Dublin citizens, and in the hope of saving the lives of our followers now surrounded and hopelessly outnumbered, the members of the Provisional Government present at headquarters have agreed to an unconditional surrender, and the commandants of the various districts in the City and County will order their commands to lay down arms. An grianghraf: Pádraig Mac Piarais ag géilleadh don Ghinearál Lowe. Tabhair faoi deara na cosa breise in aice leis an bPiarsach. Bhí an Bhanaltra Eilís Ní Fhearghail taobh leis. Deirtear gur glanadh cuid d’íomhá Eilíse mar nach raibh daoine áirithe sásta go mbeadh bean sa phictiúr!
15
Finnéithe… Bíonn finnéithe an-tábhachtach freisin mar bíonn siad ábalta cur síos a thabhairt ar an rud a bhíonn feicthe acu. Deacracht maidir le finnéithe ná go mb’fhéidir go mbeidh tuairimí éagsúla ag na finnéithe faoi na rudaí a bhíonn feicthe acu. Chomh maith leis sin, tar éis tamaill ní bhíonn an chuimhne chomh cruinn mura mbíonn an scéal scríofa síos.
16
Luan Cásca ag an GPO ‘…ardaíodh an bhratach trí dhath… léigh an Ceannfort Mac Piarais an Forógra os ard don phobal a bhí ar an tsráid.‘ Proinsias de Búrca ag an GPO - finné ‘Is cuimhin liom go raibh spéis agam sa bhratach mar ní fhaca mé ár mbratach trí dhath ar crochadh mar sin cheana.’ Min Ní Riain ó Chumann na mBan ag an GPO - finné Seo cur síos go díreach ó dhaoine a bhí ag an GPO Luan Cásca. Cad atá le foghlaim ó thuairiscí Phroinsias agus Mhin?
17
Ocrach sa GPO Bhíos i mo shuí ar an tocht nuair a tugadh crúiscín chugam ina raibh pionta tae deas te agus nóiméad ina dhiaidh sin cuireadh pláta os mo chomhair ar a raibh trí ubh fhriochta agus ispíní mar aon le neart aráin agus ime. Ní raibh ach dhá phaicéad brioscaí agam ó 9:30am ar an lá roimhe sin. Bhí an bricfeasta sin a fuaireas go luath ar maidin ar cheann de na béilí ba bhlasta dá raibh agam riamh. Lean an chuimhne sin i bhfad mar bhíos óg agus sláintiúil agus ní raibh cíos, cás ná cathú orm in ainneoin a raibh ag tarlú thart timpeall orm. Liam Ó Dálaigh sa GPO - finné Liam Ó Dálaigh sa GPO - finné Seo cur síos go díreach ó Liam Ó Dálaigh a bhí ag troid sa GPO le linn an Éirí Amach. Tá sé seo an-tábhachtach mar tugann sé pictiúr cruinn ar a raibh ag tarlú laistigh d’Ard-Oifig an Phoist. Cad a insíonn an tuairisc seo dúinn faoi Liam agus faoi shaol na reibiliúnach sa GPO?
18
Tine sa GPO ‘Thosaigh píosaí adhmaid a bhí ar dearglasadh ag titim anuas orainn. Chuala mise Tomás Ó Cléirigh ag rá nach bhfágfadh sé an GPO beo go deo.’ Liam Tannam sa GPO ‘Nuair a shroicheamar an díon bhí an t-adhmad ar dearglasadh. Fuaireamar píobán uisce…. Ní raibh mórán uisce ann, bhí an brú uisce an-lag.‘ James Kavanagh sa GPO ‘Cheapas go mbeimis san fhoirgneamh go dtí go bhfaighimis bás‘ Louise Gavan Duffy sa GPO Seo cur síos go díreach ó dhaoine a bhí in Ard-Oifig an Phoist nuair a bhí sí ar dearglasadh . Cad atá le foghlaim ó na tuairiscí seo?
19
Géilleadh i bhFaiche Stiabhna
Léigh Ó Mealláin amach an scéal… An chéad rud gránna eile a bhí ar an gCeannfort Ó Mealláin a dhéanamh ná an bhratach trí dhath a thógáil anuas agus an bhratach bhán a chrochadh ina háit…. Bhí mná agus fir croíbhriste… Is cosúil go ndearna saighdiúir Sasanach na socruithe don ghéilleadh … Frank Robbins, Arm Cathartha na hÉireann (ICA) Tuairisc bhrónach í seo mar déantar cur síos ar ghéilleadh na reibiliúnach i bhFaiche Stiabhna. Féach ar an bpictiúr ar dtús. Cad atá le feiceáil? Cén scéal atá á insint ag Frank Robbins? An drochscéal nó dea-scéal atá aige? Conas mar a mhothódh tusa dá mbeifeá i láthair an lá sin? Cén lá den tseachtain atá i gceist anseo, dar leat? [Satharn, 29 Aibreán – lá an ghéillte]
20
Scéalta agus smaointe …
Níl aon téacs don sleamhnán seo.
21
Lachain lúcháireacha…
● Faiche Stiabhna ● Mícheál Ó Mealláin & an Chuntaois Markievicz ● Briotanaigh in Óstán an Shelbourne ● Séamas Ó Cearnaigh – coimeádaí na páirce ● Sos cogaidh do na lachain An scéal ar fáil i Leabhar B, Aonad 7.
22
Brioscaí Jacob… Luan Cásca, bhris reibiliúnaigh na hÉireann isteach i monarcha brioscaí Jacob. Bhí Tomás Mac Donnchadha, duine de na ceannairí a shínigh an Forógra, i gceannas ar na reibiliúnaigh sin. Bhí Henry Fitzgerald agus Tomás Orr ag obair i Monarcha Jacob ag an am. Ba é Henry an fear faire agus ba é Tomás an feighlí. Choimeád na reibiliúnaigh Henry agus Tomás mar phríosúnaigh ar feadh na seachtaine go léir. Nuair a scaoileadh Henry saor, dúirt sé go raibh eagla an-mhór air agus é mar phríosúnach i Monarcha Jacob. Níor éirigh leis a chuid éadaí a athrú agus ní raibh ach fíor-bheagán bia aige i rith na seachtaine. Brioscaí á mbácáil i Monarcha Jacob Bhí a fhios ag na reibiliúnaigh nuair a bhris siad isteach i Monarcha Jacob go mbeadh neart bia ann dóibh – brioscaí, brioscaí agus a thuilleadh brioscaí! Bhí plúr, siúcra, im agus rudaí eile sa mhonarcha freisin. I rith na seachtaine d’éirigh beirt reibiliúnach óga fiosrach – theastaigh uathu brioscaí a dhéanamh. D’éirigh leo iad a dhéanamh agus, cé go raibh siad dóite, bhí an t-ainm ‘Jacob’ le feiceáil go soiléir orthu. Ní raibh monarcha Jacob dúnta ró-fhada tar éis an Éirí Amach. Cúig lá tar éis don Éirí Amach a bheith thart, bhí brioscaí blasta á ndéanamh arís ann. Nod don mhúinteoir: Féach gléas frainceála do bhrioscaí Marietta ó Mhonarcha Jacob. Is dócha gur úsáid na reibiliúnaigh óga a leithéid nuair a bhí na brioscaí á ndéanamh acu.
23
Bataí agus brící … Scéal an bhata: Leabhar A, Aonad 7.
Scéal an bhríce: Bhain an leathbhríce seo le Dún Portobello (Dún Chathail Bhrugha mar atá anois) go dtí Aibreán Tá piléar sáinithe ann, ceann den sraith piléar a scaoil scuad lámhaigh le Francis Sheehy Skeffington ar ordú ó Arm na Breataine. Fear síochánta ab ea Skeffington agus rinneadh éagóir mhór air. Tugadh an bríce dá bhaintreach, Hanna Sheehy-Skeffington, agus thug sí sin é d’Ard-Mhúsaem na hÉireann.
Similar presentations
© 2025 SlidePlayer.com. Inc.
All rights reserved.