Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

Leictreachas.

Similar presentations


Presentation on theme: "Leictreachas."— Presentation transcript:

1 Leictreachas

2 Cad is leictreachas ann?

3 Is cineál fuinnimh é an leictreachas.
Cuireann leictreachas teas, solas agus cumhacht ar fáil dúinn.

4 Ar úsáid tusa aon leictreachas inniu?

5 Tá dhá bhealach againn chun leictreachas a fháil:
Ón bpríomhlíonra Ó chadhnraí

6 An oibríonn na rudaí seo a leanas ar chadhnraí nó ar an bpríomhlíonra?

7 Seiceáil do chuid freagraí.
Rudaí a oibríonn ar chadhnraí Rudaí a oibríonn ar leictreachas príomhlíonra Rudaí a oibríonn ar chadhnraí agus ar leictreachas príomhlíonra Ceamara Folúsghlantóir Nintendo DS Áireamhán Teilifís Ríomhaire glúine Cianrialtán Meaisín níocháin Raidió

8 Chruthaigh na páistí seo sreabhadh leictreachais.
Conas ar las siad an bolgán?

9 Rinne siad ciorcad. Ghluais an leictreachas ón gcadhnra, tríd an miotal sa tsreang go dtí an bolgán agus ansin lean sé an ciorcad ar ais chuig an gcadhnra.

10 Turgnamh: Ciorcad a dhéanamh Fearas bolgán sreang leictreach
téip leictreach cadhnra

11 Modh Iarr ar dhuine fásta dhá phíosa sreinge a ghearradh agus an craiceann a bhaint de dhá cheann an dá shreang sin. Greamaigh ceann amháin de shreang amháin de bhun an chadhnra agus ceann amháin den tsreang eile de bharr an chadhnra. Úsáid an téip leictreach. Greamaigh an ceann eile den dá shreang de theirminéil an bholgáin – sreang amháin ar thaobh an bholgáin agus an tsreang eile ag bun an bholgáin ar fad. Ba chóir go lasfadh an bolgán.

12 Féach an suíomh seo le haghaidh treoracha breise ar conas ciorcad a dhéanamh:

13 Cén fáth nach bhfuil an bolgán seo ar lasadh?
Níl sé ar lasadh mar go bhfuil briseadh sa chiorcad.

14 Bíonn ciorcad slán ag teastáil don sreabhadh
leictreachais. Má bhíonn briseadh sa chiorcad ní bhíonn aon sreabhadh leictreachais ann.

15 Fíor nó Bréagach? Ráiteas Fíor Bréagach
Is cineál fuinnimh é an leictreachas. Oibríonn folúsghlantóir ar chadhnraí. Bíonn ciorcad slán ag teastáil don sreabhadh leictreachais. Oibríonn ríomhaire glúine ar leictreachas príomhlíonra amháin. Tá dhá bhealach againn chun leictreachas a fháil. Cuireann leictreachas teas, solas agus cumhacht ar fáil dúinn.

16 Tuilleadh eolais le fáil ar na suíomhanna seo:
Electricalcircu/Introduction/activity.htm

17 Íomhánna: Shutterstock Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n‑íomhánna atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach ó thaobh cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil a dhéanamh leis na foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí a dhéanamh leis. © Foras na Gaeilge, 2012 An Gúm, Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1


Download ppt "Leictreachas."

Similar presentations


Ads by Google