Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

Cad é go díreach is Oibrí Imirceach ann?

Similar presentations


Presentation on theme: "Cad é go díreach is Oibrí Imirceach ann?"— Presentation transcript:

1 Cad é go díreach is Oibrí Imirceach ann?
Scríobh go díreach cé nó cad é is Oibrí Imirceach ann dar leat. Explain to the class that this year we are going to explore Employability from a wider perspective. Nowadays many people travel to different countries to find work and in recent years, a lot of people from countries all over the European Union have come to work in Northern Ireland. We refer to these people as Migrant Workers. So, who or what do the pupils think of when they hear the term “Migrant Worker”?

2 Is duine é oibrí imirceach a imíonn as a t(h)ír dhúchais féin le fostaíocht a chuardach áit éigin eile. Baineann na focail de ghnáth sa lá atá inniu ann le daoine nach bhfuil sé de rún acu fanacht go buan sa tír nua. I dTuaisceart Éireann líonann oibrithe imirceacha folúntais sna hearnálacha acadúlachta, feirmeoireachta, táirgeacht bia, sláinte agus lónadóireachta.

3 Cé acu de na folúntais seo a leanas a líonfadh oibrí imirceach dar leat?
Folúntas poist Is ea Ní hea Máinlia Ospidéil Díoltóir 'Big Issue' Oibrí Tógála Múinteoir Cúntóir Miondíola Próiseálaí Feola Gúnadóir Bainteoir Torthaí

4 Cé acu seo thíos ar oibrí imirceach é/í dar leat?

5 Tá roinnt téarmaí difriúla ann a úsáidtear le cur síos a dhéanamh ar dhaoine a imíonn óna dtír dhúchais agus a thagann go Tuaisceart Éireann le fostaíocht a fháil. Oibrí Imirceach Iarrthóir Tearmainn Dídeanaí Inimirceach An dtig leat an difear idir na cineálacha seo oibrithe imirceacha a aithint? Comhlánaigh Áis 2 "Meaitseáil na Téarmaí" le cuidiú leat cinneadh a dhéanamh

6 Cá mhéad acu is féidir leat a ainmniú?
An dtig leat tír a ainmniú óna dtiocfadh oibrí imirceach go Tuaisceart Éireann? Explain that in recent years, large numbers of workers have arrived in Northern Ireland from Europe, especially the A8 countries. Pupils should write down ten countries they think current migrant workers in Northern Ireland may have come from. Na 10 dtír dhúchais óna dtagann oibrithe imirceacha go Tuaisceart Éireann den chuid is mó, liostaítear iad ar an chéad sleamhnán eile. Cá mhéad acu is féidir leat a ainmniú?

7 Na 10 dtír dhúchais is mó as ar tháinig oibrithe imirceacha go Tuaisceart Éireann 2003-2006
An Pholainn 12,020 An Liotuáin 4,987 An Phortaingéil 3,605 An tSlóvaic 3,469 An India 2,486 Na hOileáin Fhilipíneacha 1,524 An Laitvia 1,358 Pobiacht na Seice 1,338 An tSín 1,317 An Úcráin 867

8 Cad chuige a roghnaíonn daoine Tuaisceart Éireann mar áit fostaíochta?
Na fáthanna a bhfágann daoine a dtíortha dúcháis Na fáthanna a dtagann daoine go Tuaisceart Éireann Áis 3 in úsáid in bhur ngrúpaí de 4 daltaí, an dtig libh roinnt de na tosca 'brú 'agus 'tarraingt' seo a ainmniú?

9 Cad chuige a roghnaíonn daoine Tuaisceart Éireann mar áit fostaíochta?
Easpa fostaíochta sa tír dhúchais Cogadh nó bochtanas sa tír dhúchais Caighdeán maireachtála íseal sa tír dhúchais Míshocracht pholaitiúil Tuarastail níos airde anseo Earcaíocht ghníomhach as siocair easpa foirne Deiseanna le scileanna a fheabhsú agus gairmeacha a chur chun cinn Costas maireachtála níos ísle i dTuaisceart Éireann An deis le tír úr a thriail

10 Roinnt fíricí orthu siúd a bhfuil cead acu fostaíocht a chuardach i dTuaisceart Éireann
Ní gá do Náisiúnaigh ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch cead a iarraidh cónaí agus obair a dhéanamh anseo. Orthu siúd tá daoine ón Aontas Eorpach (AE), ó Limistéar Saorthrádála na hEorpa (ar a n-áirítear an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin) agus ón Eilvéis.

11 Poblacht na Seice An Liotuáin
Tá saoirse gluaiseachta de cheart ag Náisiúnaigh ó na Stáit Aontachais AE Nua i stáit eile de chuid an AE ach caithfidh siad clárú le Gníomhaireacht Teorann an RA san Oifig Gnóthaí Baile nuair a fhaigheann siad post. Orthu siúd tá daoine ó na Tíortha A8 a tháinig isteach san AE i mí na Bealtaine 2004: Poblacht na Seice An Liotuáin An Eastóin An Pholainn An Ungáir An tSlóvaic An Laitvia An tSlóivéin (Tháinig an Chipir agus Málta isteach in 2004 fosta, ach ní chuirtear na srianta seo i bhfeidhm orthu agus caitear leo mar a bheadh stáit a tháinig isteach roimhe.)

12 Caitheadh ar dhóigh dhifriúil leis na tíortha aontachais is déanaí, an Bhulgáir agus an Rómáin (A2) leis na tíortha A8. Tig le náisiúnaigh ó na tíortha sin a bheith anseo ach tá cead oibre de dhíth orthu do bhunús gach cineál fostaíochta. Is náisiúnaigh choigríche iad Sealbhóirí Ceadanna Oibre ó thíortha diomaite díobh siúd a luadh cheana féin. Déantar ceadanna a eisiúint nuair a chruthaíonn fostóirí nach raibh siad ábalta an folúntas a líonadh ar bhealach ar bith eile. Tá sé de cheart ag mic léinn ón choigríoch obair pháirtaimseartha a dhéanamh. Oibríonn siad go minic mar chúntóirí teanga i scoileanna. Comhlánaigh Áis 5 lena fháil amach cé aige a bhfuil cead a bheith ag obair i dTuaisceart Éireann.

13 Treochtaí imirce go Tuaisceart Éireann
ó Tasc TFC: Cuireann Áis 6 roinnt fíricí agus figiúirí ar fáil ar threochtaí imirce i dTuaisceart Éireann. Úsáid an fhaisnéis le gluaiseacht daoine isteach agus amach as Tuaisceart Éireann agus na poist a dhéanann oibrithe imirceacha a léiriú.


Download ppt "Cad é go díreach is Oibrí Imirceach ann?"

Similar presentations


Ads by Google