Download presentation
Presentation is loading. Please wait.
1
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS
23/11/12 Teagasc agus Foghlaim na Matamaitice sna scoileanna Lán-Ghaeilge / Gaeltachta Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh don taighde, do na smaointí reatha agus do na cáipéisí is déanaí i dtaca le teagasc agus le foghlaim na matamaitice de. Ba mhian liom plé a dheanamh ar na himpleachtaí atá iontu don teagasc agus don fhoghlaim agus gréasán a roinnt leat le cuidiú leat machnamh ar an staid ina bhfuil cúrsaí uimhearthachta i do scoil féin faoi láthair. Le tús a chur leis an cheardlann seo smaoinigh ar chúig éispeireas matamaitice a tharla duit inniu. Is iontach an méid mata a úsaideann muid gach uile lá gan a bheith ag smaoineamh air, macasamhail le linn déanamh cúpan tae, ag léamh clár ama bus/traein, ag cócaireacht, ag ceannach rudaí, ag eagrú saoire, ag tomhas líon na n-eilifintí i gclár teilifíse dúlra srl! Ó bunaíodh Straitéis Uimhearthachta agus Curaclam Athbhreithnithe Thuaisceart Éirinn tá an bhéim ar chur chuige na Matamaitice athraithe ó fhoghlaim éig-ghníomhach chuig foghlaim lán-ghníomhach. Tá deacrachtaí foghlama uimhearthachta coitianta ar fud na tíre iomláine. Is minic atá fadhb ollmhór tearc-ghnóthachtála le sonrú i ndiaidh do pháiste an bhunscoil a fhágáil ina dhiaidh. Tá thart fá sé faoin gcéad de na páistí gach bliain nach bhfuil ag baint Leibhéal 3 amach ag deireadh EC2 (aois 11 – deireadh na bunscolaíochta sa Tuaisceart). Tá céatadán daltaí a bhfuil fadhbanna suntasacha eile acu i bhfad níos mó ná sin, cé nach bhfuil a bhfadhbanna siúd chomh holc leis an chuid eile. Fiú iad siúd a mbíonn an chuma orthu go mbíonn ag éirí leo, bíonn an chosúlacht orthusan nach gcuimhníonn siad ar a réamhfhoghlaim go héifeachtach (tá an chuimhne ghearrthéarmach níos mí-éifeachtaí maidir le foghlaim fhadthéarmach de) de bharr: (i) gur minic go gcothaítear foghlaim ghlanmheabhair shimplí de rialacha nach bhfuil aon bhaint acu lena chéile; (ii) siocair an dóigh ar foghlaimíodh iad bhíonn na rialacha seo curtha i bhfeidhm go contráilte go minic agus dearmadta go sciobtha.
2
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS
23/11/12 Is é is Úsáid na Matamaitice ann an scil a bhaineann le coincheapa, próisis agus tuiscint na matamaitice a chur i bhfeidhm i réimse comhthéacsanna. Curaclam Thuaisceart Éireann Bunscolaíochta (Oideachas lán-Ghaeilge)
3
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS
23/11/12 Is ionann Uimhearthacht agus cumas na scileanna agus an t-eolas matamaitice iomchuí a chur i bhfeidhm i gcomhthéacsanna coitianta agus i gcomhthéacsanna aduaine, agus i réimse de shuíomhanna ar fud an tsaoil, lena náirítear saol na hoibre. Comhair,Léigh:Éireoidh 2010 Comhair, Léigh leat, Éireoidh Leat – seo straitéis a chruthaíodh le torthaí a fheabhsú sa litearthacht agus san uimhearthacht araon. Ba cheart do scoileanna in earnáil an Ghaeloideachais bheith ag machnamh ar a gcuid pleanála don uimhearthacht i gcomhthéacs an tumoideachais féin ach go háirithe, sé sin: gur chóir, mar shampla, forbairt theanga Ghaeilge na matamaitice i measc daltaí a chur san áireamh i gcúrsaí pleanála, lena náiritéar téarmaí agus struchtúir theicniúla sa Ghaeilge mar aon le riachtanais theangeolaíochta na ndaltaí agus iad ag dul don mhatamaitic mheabhrach.
4
Croí-thréithe i dTeagasc Éifeachtach na hUimhearthachta
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS 23/11/12 Croí-thréithe i dTeagasc Éifeachtach na hUimhearthachta ‘The teachers build effectively on the children’s previous knowledge and experience. The use of open-ended questions, problem-solving tasks and investigative activities develops the children’s capacity to reason logically, think flexibly, and make and justify decisions. The children are given appropriate time and encouragement to communicate and explain their mathematical thinking, to articulate the processes they use, to ask questions and to talk about their learning.’ [Better Numeracy ETI 2010] Ní spreagann caint ón oide (atá tiománta ag an oide) failleanna forbartha do pháistí lena gcuid teanga féin a chleachtadh nó a fhorbairt. Cothaíonn an múinteoir cumas smaointeoireachta páistí trí:- (i) úsáid éifeachtach ceisteanna oscailte agus (ii) trí dhíospóireacht dhearfach, ábharthach a éascú i bpéireanna nó i ngrúpaí beaga daltaí. Caithfidh an t-oide a bheith eolach go leor ar an ghníomhaíocht le fios a bheith aige cén treo gur dóiche ina fhorbróidh sí ach a bheith sách sólúbtha go fóill chun páistí a cheadú bealaí malartacha a thástáil eatarthu féin. Is treoraí/éascóir an múinteoir nach mbíonn ag brú a chuid modhanna nó reitigh féin ar na daltaí. Foghlaimíonn na páistí óna chéile trí chomhphlé agus trí chomhfhiosrú. Spreagann caint thairbheach idir daltaí i dtreo machnamh ar a gcuid cur chuige smaointeoireachta féin in ionad a bheith ag rá “mar …”. Más mian leat go mbeidh tuiscint dhomhain ag do dhaltaí cinntigh go mbeidh siad ag machnamh ar cad é a dhéanfaidh siad, cad chuige a ndéanfaidh siad sin agus go bhfuiltear ag cur sin in iúl, trína bhfriotail féin, do na páistí eile agus dhuit féin.
5
Cur chuige traidisiúnta
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS 23/11/12 Cur chuige traidisiúnta “I listen while the teacher explains.” “I copy down the method from the board or textbook.” “I only do questions I am told to do.” “I work on my own.” “I try to follow all the steps of a lesson.” “I do easy problems first to increase my confidence.” “I copy out questions before doing them.” “I practise the same method repeatedly on many questions.” Malcolm Swan Rinneadh suirbhé agus cuireadh ceist ar 750 foghlaimeoir i dtaca le foghlaim s’acu de. Do na foghlaoimeoirí seo b’ionann an mhatamaitic agus rud a ‘rinneadh orthu’ in ionad ábhar spreagúil, cruthaitheach a ba dheas a fhiosrú. Ní raibh ann dóibh ach cnuasach modhanna scartha agus teicnicí loma a bhí le foghlaim. Tugtar tascanna de leibhéil ísle atá meicniúil agus gur féidir a chomhlíonadh trí gnáthaimh nó modhanna a aithris gan ghá le haon mhachnamh dhomhain Den chuid is mó is glacadóirí eolais na mic léinn agus is beag seans a bhíonn acu rannpháirteachas níos gníomhaí a imirt sa ghnáthcheacht ná cur chuigeanna difriúla a fhiosrú nó a thriail le linn ceachta. Ní cheadaítear dóthain ama i gcroí ceachtanna mata chun ligint do dhaltaí a dtuiscint ar na coinceapa matamaiticiúla a fhorbairt. Bíonn easpa ama do dhaltaí lena réasúnaíocht fhéin a mhíniú ná le buntáistí a mhalairt de mhodhanna a mheas nó le tuiscint a fhorbairt ar nascanna phrionsabail na matamaitice gan trácht ar na dóigheanna a fhíonn gnéithe éagsúla matamaitice le chéile.
6
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS
23/11/12 Tá an bhéim athraithe ó fhoghlaim éig-ghníomhach go foghlaim lán-ghníomhnach. Cad chuige ar chóir dúinn béim a chur ar phróisis na matamaitice? (i) go mbeidh daltaí ina smaointeoirí agus foghlaimeoirí neamhspleacha; (ii) go bhforbrófar tuiscint níos fearr ar choincheapa mhatamaitice; (iii) chun tairbhe a bhaint as claonadh fiosraithe nadúrtha daltaí; (iv) cumas daltaí i dtreo smaointeoireacht loighiciúil a fhorbairt. Tá trí gné sa sprioc gnóthachtála seo: 1. ag úsáid matamaitice; 2. ag dul i dteangmháil go matamaiticiúil; 3. réasúnaíocht mhatamaiticiúil a fhorbairt.
7
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS
23/11/12 Léirionn an phirimid fhoghlama seo an tábhacht a bhaineann le hobair phraiticiúil agus le plé fhiúntach, ábharthach. Ag barr na pirimide tá an foghlaimeoir ina shuí go ciúin ag éisteacht. Ag bun na pirimide tá an foghlaimeoir iomlán páirteach san fhoghlaim. Ar ndóighe, tá an leibhéal tuigbheála is airde bainte amach nuair a thig le dalta a chuid foghlama féin a mhíniú. Tá an próiseas foghlama i dtaca le fiosrúcháin mar seo a leanas: Aimsigh, Eolas,Tacaíocht, BainTriail As, Déan Machnamh Air, Seiceáil, Abair, Meastóireacht, Aimsigh ina shampla mhaith den fhoghlaim fhiúntach seo.
8
Ról an mhúinteora i soláthar cheacht éifeachtach na Matamaitice
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS 23/11/12 Ról an mhúinteora i soláthar cheacht éifeachtach na Matamaitice Ní mór don oide atmasféar sábháilte, tacúil a chothú a cheadaíonn: fíorthréimhsí fiúntacha i gcomhair plé oscailte; ceistiú éifeachtach agus amanna ciúine le bheith ag machnamh agus ag cleachtadh. Is minic nach dtarlaíonn foghlaim i ndiaidh séisiúin teagaisc. Bionn barraíocht béime ar labhairt ón mhúinteoir agus gan go leor deiseanna ag páistí a dteanga féin a fhorbairt agus a chleachtadh. Feictear do pháistí go bhfuil an ceacht ‘a dhéanamh orthu’. Ní spreagann caint ón oide (atá tiománta ag an oide) failleanna forbartha do pháistí lena gcuid teanga féin a chleachtadh nó a fhorbairt. (Cá mhinice a léiríonn tuairiscí cigireachta go bhfuil barraíocht cainte ón oide?) Cothóidh plé idir daltaí agus gníomhaíocht ó dhaltaí níos mó tuisceana ina measc agus thig stórfhocal cuí a léiriú dóibh le linn ceachtanna a d’fhéadfadh siad a fhí isteach ina gcuid comhphlé féin. Bíonn an iomarca béime ar chomhlíonadh ghasta tasc áirithe ná mar a bhíonn ar fhoighneachas na foghlama, míniú dhomhain coinceapa agus ar obair chrua teagaisc. Is minic a abrann oidí go bhfeabhsaíonn a dtuiscint féin ar mhata nuair a thosaíonn siad á mhúineadh. Ar an chaoi chéanna de réir mar a mhíneoidh daltaí a gcuid smaointí matamaiticiúla is amhlaidh a thuigfidh siadsan níos fearr iad. Le himeacht ama cuimhneofar ar ghnéithe na mata níos fearr agus nuair a dhearmadfar rud inteacht beifear in innimh á oibriú amach níos éifeachtai ó thús. De réir seo ní mór do dhaltaí bheith ceadaithe agus éascaithe le dul sa tseans lena mata, le botúin a dheánamh go sábháilte, agus, thar aon ní eile, bheith ceadaithe labhairt faoina bhfoghlaim matamaitiiúla.
9
Ag soláthar comhthéacs
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS 23/11/12 Ag soláthar comhthéacs Tascanna Praiticiúla Fadhbanna shaol an pháiste Fiosrúcháin Ta sé iontach tábhachtach go mbainfear comthromaiocht ceart amach idir eolas a theagasc agus gníomhaiochtaí fiosraithe a dhéanamh. Caithfidh páistí eolas ar an chóras uimhearthachta a fhorbairt ach cén mhaitheas atá ann muna dtig leo an t-eolas seo a úsáid i gcomhthéacs a bhfíorshaoil féin? Téann an dá rud lámh ar láimh. Smaoinigh ar an traenálaí peile a chaithfidh scileanna a theagasc; cén dóigh a ndéantar sin? Cleachtaítear scileanna trí chuid mhór gníomhaíochtaí. Tugann an múinteoir leathanach oibre de shuimeanna cuir le chéile do na páistí. Leanann na páistí ar aghaidh ag obair. Ní thig linn a rá go cinnte go bhfuil an scil Úsáid na Matamaitice foghlama ag na páistí; caithfidh na páistí a bheith cleachtaithe le suiomhanna aduaine. Tugann na tascanna oscailte comhthéacs do na páistí a bheith ag smaoineamh agus ag labhairt faoin fhoghlaim s’acu.
10
Fadhbfhuascailt, Fiosrúcháin - Cad é an dhifríocht?
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS 23/11/12 Fadhbfhuascailt, Fiosrúcháin - Cad é an dhifríocht? Fadhbfhuascailt: Ceisteanna druidte a bhfuil freagraí cinnte acu. Fiosrúcháin: Gníomhaíochtaí ceann-oscailte a bhfuil éagsúlacht féidearthachtaí acu. Baintear úsáid as ceisteanna druidte le heolas nó le tuiscint a fháil ar fhirící. Ní bhíonn ach freagra ceart amháin ar cheist dhruidte. Baineann ceisteanna ceannoscailte le freagraí a ndearnadh machnamh agus fiosrú orthu. Is féidir glacadh le níos mó ná freagra ceart amháin Spreagann ceisteanna ceannoscailte an dalta. Tugann siad deis dó fiosrúcháin agus tionscnaimh a dhéanamh lena chuid eolais a chur i bhfeidhm. Samplaí: Cad é 6-4? nó Tabhair 2 uimhir dom a bhfuil difríocht 2 eatarthu. Cá mhéad centiméadar i méadar ? nó Tabhair dhá fhad dom a dhéanann méadar. An rud is tábhachtaí anseo ná go bhfuil an bhéim ar cheistiú éifeachtach. Ceisteanna a spreagann daltaí le h-ídeanna nua a chruthú chun nascanna a dhéanamh idir eolas réamhfhoghlama nó le coinceapa a bhunú i ngnáththaithí laethúil saoil. Cruthaigh ceisteanna a spreagann cuimhne ar eolas réamhfhoghlama. Ar lorg soiléireachta ón dalta Cuir ceisteanna tanáisteaacha breise ar na daltaí nuair is cuí: Cad é atá i gceist agat leis sin? An dtig leat á mhíniú níos mó? An dtabharfá sampla dom? An dtig leat cuir síos air ar dhóigh eile? Ag spreagadh fiosraithe Cad a chaithfidh a bheith ar eolas againn? Cad é mar a thig linn fáil amach? Cad a tharlódh dá …? Ag fiosrú cúiseanna Cad chuige a ndúirt tú sin? Cad iad na cúiseanna atá agat? Cén fanaise atá agat? Cad chuige a shíleann tú sin?
11
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS
23/11/12 Gníomhaíocht Ghrúpach Cearca agus Ba Mar ghrúpa pléigí: Cén straitéisí ar úsáid sibh? Machnaigí ar thábhacht an taisc seo chun scileanna réasúnaíochta/ smaointeoireachta a fhorbairt. Tá ceithre cloigne is tríocha agus cead cos i bpáirc ainmhithe. Tá dhá chinéal ainmhí sa pháirc seo.Tá roinnt cearca agus roinnt ba sa pháirc. Mar ghrúpa faigh amach cé mhéad cearc agus bó atá sa pháirc? Smaoinigh ar na ceisteanna a thiocfadh leat a chur ar dtús. Cén doígh ar mhaith leat tabhairt faoi fhadbh seo? Cadé a ba mhaith leat a dhéanamh ar dtús? An bhfuil dóigheanna ar bith eile ann leis an fhadbh seo a réiteach? .
12
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS
23/11/12 Fiosrúcháin Cuir ceist (ceann-oscailte) Socraigh ar phlean Aimsigh agus cláraigh eolas Déan anailís ar an eolas (Freagair an bhuncheist) Ní ghá duit fiosrúchán casta a dhéanamh. Tabhair sampla cosúil le suirbhé bunaithe ar na gníomhaíochtaí is fearr le páistí a dhéanamh ag an Samhain. Smaoinigh ar na céimeanna a chaithfidh na páisti tabhairt fúthu. Fadhb na Seachtaine: (Tagann páistí le chéile le dóigheanna s’acu a phlé ag am áirithe) Obair fhiosraithe a bhaineann le topaic Mata s’acu ar dtús. De réir mar a éiríonn na páistí níos muiníne tabhair faoi fhiosrúcháin a cheanglaíonn téamaí Tá sé tábhachtach go bhfuil an bhéim ar an topaic Mata seachas an téama. Ná lig don téama tús áite a ghlacadh ar an mhatamaitic; thig leis sin frustrachas a chothú de bharr go mbeadh barraíocht factóirí ar imirt ag am amháin. B’fhidir go mbeadh failleanna fá choinne sin sa cheacht ‘An Domhan Thart Orainn’. Ní mór don Mhata a theagasc mar ábhar ann féin. Thig leis na páistí bogadh i dtreo tionscnamh iomlán scoile ina dhiaidh.
13
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS
23/11/12 Fadhbfhuascailt Déan tábla nó liosta Cuardaigh patrún Déan léaráid Caith tuairim agus seiceáil Simpligh é Bain feidhm as réasúnaíocht loighciúil Oibrigh siar Tá fadhbfhuascailt ar cheann de na gnéithe matamaitice is lú dáimhe agus is mó deacrachta ag páistí. Is féidir le páistí an suim dhíreach a dhéanamh, sé sin, an ghníomh mheicniúil ach nuair a aistrítear an suim go leagan scríofa focal is minic a streachalann páistí lena tuigbheáil. Caithfidh straitéisí a bheith acu loighic na faidhbe a bhriseadh síos dóibh féin – cad a tharlóidh d’ábhar na ceiste? An éiríodh sé níos mó, níos lú? Mar sin de, an suimiú nó iolrú a bheas de dhíth nó, ina ionad sin, dealú nó roinnt? Cé dó / cad é dó a bheas cad é ag tarlú? Cad chuige? Caithfidh smaoineamh fán rud praiticiúil a tharlóidh sa cheist, réasún a chur i bhfeidhm ar ghníomhaíochtaí a chomhdhéanann an cheist agus plé a dhéanamh ar cad é atá ag tarlú sa cheist; is tríd sin uilig a shoiléireofar bunbhrí na ceiste féin. Rinneadh comparáid idir ceol agus matamaitic – ní bhainfear máistreacht amach go mbeofar an mhatamaitic don pháiste. I rith na bliana beidh páistí ag fáil táithí ar na stráitéisí fadbh fuascailt seo. Cuirtear ina luí ar na páistí na céimeanna seo a leanstan a chomhlíonadh le fadhbanna a réiteach.
14
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS
23/11/12 Gníomhaíocht Ghrúpach Uimhir Shéamais agus Uimhir Mháire. Bain úsáid as na léideanna leis an uimhir mhistéireach a aimsiú. OBAIR GHRÚPACH: Má thugtar ceist do ghrúpa thig le roinnt páistí seilbh a ghlacadh ar an obair agus is beag páirt / ionchur a bheas ag páistí eile. Seift amháin leis sin a sheachaint ná giota eolais éagsúil a thabhairt do gach páiste a bheas de dhíth leis an cheist a réiteach. Léann gach páiste giota eolais s’aige féin amach don ghrúpa mar thús. Caithfidh an grúpa comhoibriú le chéile chun an fhadhb a réiteach. Is é an duine a bhfuil comhartha an phinn ar a chárta an duine a scríobhfaidh an réiteach; ní cheadaítear d’éinne eile scríobh. Ná cuirfear na cártaí éagsúla ar an tábla ná a bheith ag aon duine amháin ar bith le rannpháirteachas gach duine a spreagadh ar feadh na gníomhaíochta.
15
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS
23/11/12 Chéim ar chéim Léigh agus cinntigh Socraigh cén aonad a bheas de dhíth cm, m, lt, méid duine srl. Déan tomhais ciallmhar Socraigh ar stráitéis Oibrigh amach é Cuir céist ort féin ‘An bhfuil an freagra seo ciallmhar Seiceáil I rith na bliana beidh páistí ag fáil táithí ar na stráitéisí fadbh fuascailt seo. Cuirtear ina luí ar na páistí na céimeanna seo a leanstan a chomhlíonadh le fadhbanna a réiteach.
16
Ní leor fadbhanna a thabhairt do pháistí -
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS 23/11/12 Ní leor fadbhanna a thabhairt do pháistí - caithfidh cuidiú le páistí gur féidir leo: dóigheanna a fhorbairt de bheith ag obair go córasach agus éirí níos neamhspleáiche maidir le réiteach fadhbanna de. Ní seo foghlaim gan stiúradh ón oide. Ní mór do chur chuige struchtúrtha a bheith in áit trí bhainistiú mhaith ranga díreach mar a dhéanfaí i gceacht litearthachta. Ní ghá do gach páiste a bheith ag obair ar fhiosrúcháin ag an am chéanna. Is féidir le grúpa amháin á dhéanamh ag am amháin agus an t-oide ag tacú leis an ghrúpa. Thar chúpa seachtain beidh faill ag an oide oibriú le gach grúpa. Bí réidh le ceisteanna cuí a chur ar an ghrúpa. Siocair na leibhéil mheasúnaithe úra a bheas I bhfeidhm beidh gá le tabhairt faoi deara go cúramach an dóibh a bhfoghlaimíonn páistí. Caithfidh páistí smaoineamh ar dhóigh sholúbtha agus úsáidfidh páistí difriúla straitéisí éagsúla ag brath ar an cheist a bheas faoi chaibidil.
17
Ní mór na páistí a theagasc leis na straitéisí ó mheabhair a fhorbairt
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS 23/11/12 Ní mór na páistí a theagasc leis na straitéisí ó mheabhair a fhorbairt mar ata: cuntais ar aghaidh / siar; uimhreacha a athchur in ord; oibríochtaí inbhéartacha; deighilt a dhéanamh; slánú agus coigeartú; fachtóirí; comhionannas. Tá sé tábhachtach go gcuirfear réimse fadhbanna/fiosrúchán i láthair páistí. Caithfidh straitéisí fabhbfhuascailte a theagasc dóibh. Caithfidh léiriú dóibh na dóigheanna leis na straitéisí a chur i bhfeidhm ar fhadhbanna go córasach. Do pháistí a úsáideann cur chuige mí-eagraithe, gan loighic cúnglaítear a gcumas siúd oibriú go córasach, rud nach gcuideoidh leo tabhairt faoi fhadhbanna go tairbheach. Le cur chuige tairbheach a bhaint amach caithfidh socrú cad é atá á fhiosrú sa cheist, cén eolas atá agat a thig a úsáid i dtreo sin agus cén sonraí úra, úsáideacha is féidir a chruthú ón eolas a tugadh sa cheist cheana. Caithfidh na ceisteanna tábhachtacha atá le cur faoin fhadhb a smachtú i dtreo na sonraí a bheas de dhíth agus croí-lárnach do réiteach na buncheiste. Ach le bheith in ann an cur chuige seo a fhoghlaim tá gá le múineadh agus le cleachtadh scileanna agus straitéisí fadhbfhuascailte. Nuair a tosaíodh ar mhionchálir bhána a úsáid le páistí d’éascaigh sé athrú mór i dteagasc agus i bhfoghlaim na mata. Ní raibh an buaireamh céanna ar dhaltaí níos mó fá mheancóga a dhéanamh i scríbhinn agus, de thairbhe sin, táthar i bhfad níos sásta triail a bhaint as seifteanna. Thig le hoidí daltaí a mheas fosta ar dhóigh neamhbhagarthach. Tá na mionbhoird an-úsáideach chun mata mheabhrach a theagasc.
18
Cén dóigh a n-oibrítear na suimeanna seo amach?
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS 23/11/12 Cén dóigh a n-oibrítear na suimeanna seo amach? 2+5 2+8 7+7 6+7 15+11 24+9 45+36 Cén modh ar úsáid tú? Cén scil ar úsáid tú? An oibríonn an modh céanna do gach áireamh? Is é an plé/ an díospóireacht an ghné is tábhachtaí i dteagasc na straitéisí ó mheabhair. Cuidionn plé le foghlaimeoirí machnamh ar na modhanna agus ar na straitéisí a bhíonn in úsáid agus díríú isteach ar ghnéithe thábhachtacha na faidhbe atá idir lámha acu. Déanann an plé na próisís inmhéanacha a léiriú os ard don mhata mheabhrach.
19
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS
23/11/12 2+5 2+8 7+7 6+7 15+11 24+9 45+36 (tosaigh leis an uimhir is mó) (uimhirscéalta go 10) (dúblú) (gardúbailtí) (cuir 10 leis agus cuir 1 leis) (cuir 10, bain ar shiúil 1) Caithfidh tacú le páistí maidir leis an teanga de. Tá sé tábhachtach taispeántais ballaí a úsáid le nascanna idir siombail agus teanga na matamaitice a léiriú do pháistí. Thig leis na taispeántais ballaí forbairt mar ‘crann foghlama’ de réir mar a úsáidtear tuilleadh teanga mata. (deighilt a dhéanamh)
20
Féidearthachtaí constaicí do pháistí
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS 23/11/12 Féidearthachtaí constaicí do pháistí Níltear muiníneach go leor leis na straitéisí; Deacrachtaí tuisceana teanga; Deacracht de bheith ag plé na faidhbe le páistí eile; Deacracht de bheith ag obair mar bhall de ghrúpa. Tá leagan amach leathanaigh i bhfoirm cruth tacúil is ráitis spreagúla ina chuidiú mhaith (cuimhnigh ar ionannas frámaí scríbhneoireachta). Déan iarracht an cur chuige a choinneáil sultmhar ach cuir dúshlán i láthair daltaí chomh maith. Is féidir fadhbfhuascailt a úsáid mar dhóigh le bacáin chun foghlama atá ag daltaí a aithint agus le monatóireacht a dhéanamh orthu de réir a chéile. Tá rogha na ngníomhaíochtaí féin an-tábhachtach; ní mór do thasc a bheith suimiúil, spreagúil ann féin ach, ag an am céanna, a bheith eagraithe ag leibhéal cuí foghlama. Chuige sin caithfidh réamheolas daltaí bheith sách sásúil le ligint dóibh tabhairt faoin tasc mar is ceart. Ag brath ar dhaltaí thiocfadh gné iontrála a bheadh ag leibhéal níos ísle a fhí isteach ag tús gníomh chun muinín daltaí a chothú roimh dhúshlán. Ar ocáidí eile d’fhéadfadh am a chaitheamh ag forbairt eolais chuí. B’fhiú failleanna a chur ar fáil a mhinice agus ab fhéidir ag cleachtadh teanga mhatamaiticiúil ar fud an ghnáthlae scoile (caithfidh páiste casadh ar fhocal úr cúpla céad uair sula dtuigfear go maith é!), sé sin, gur chóir comhrá matamaiticiúil a uasmhéadú i rith an lae taobh amugh den cheacht mhatamaiticiúil féin. B’fhiú dialann foghlama a bhunú ina chláródh páistí, ina bhfocail féin arís, cad é a d’fhoghlaim siad ar bhonn laethúil. Bíodh gníomhaíochtaí maidine ar fáil – tosaitheoirí meabhracha – a chothaíonn spreagadh gaisteacht mhatamaiticiúil mheabhrach.
21
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS
23/11/12 Gníomhaíocht Ghrúpach Eolach ar an Teanga Cuidíonn sé go mór le daltaí laga trí sheans a sholáthar dóibh páirt ghníomhach a ghlacadh ar dhóigh chomhpháirteach go dtig leo míniúcháin a chluinstin óna bpiaranna i gcomhthéacs chompordach dheimhnitheach gan strus. Eolach ar an Teanga Seo tacar cártaí atá bunaithe ar théarmaíocht éagsúla na matamaitice. Cé go mbíonn tuiscint bhunúsach ag páistí ar theanga na matamaitice bíonn fadhbanna acu, in amanna, teanga na fadhbfhuascailte a thusicint. Cuidíonn an áis seo le páistí féinmhuinín a fheabhsú agus a bheith níos muiníne i dtuiscint theanga na matamaitice. EAGRÚ: Ceathrar i ngrúpa ilchumasach. Roghnaíonn an chéad duine cárta agus caithfear an focal a mhíniú gan á ra. AIDHM: Cuidíonn an ghníomhaíocht seo leis an oide bearnaí tuisceana téarmaíochta daltaí a aimsiú agus díriú isteach orthu de réir a chéile. Is féidir an ghníomhaíocht a fhorbairt de réir mar a éiríonn daltaí cleachtaithe léi; thiocfadh á úsáid mar iontróid ceachta agus tearmaíocht a dhaingniú chomh maith le téarmaí úra a fhí isteach ó am go céile. Thiocfadh tacair teanga éagsúla a úsáid fá choinne gnéithe dhifriúla na matamaitice – cruth, spás, láimhseáil eolais, am srl. CUR CHUIGE: Bheith in ann an méid is mó cártai a mhíniú go n-aimseoidh na baill eile na focail taobh istigh de chúig bhomaite.
22
Roinnt idéanna praiticiúla
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS 23/11/12 Roinnt idéanna praiticiúla Cártaí straitéise; Dialann foghlama; Cluichí bunaithe ar thearmaíocht; Leabhar fírící; Taispeántas balla; Cártaí teanga; Ceol (na táblaí); Clocha céimeanna. Múin fíricí bunúsacha matamaiticiúla. Bain feidhm as treorú ríshoiléir, an-bheacht chun máistreacht a chothú. Cuir cúpla fíric ar chártaí innéacs nach bhfuil ar eolas ag páistí. Scríobh straitéisí ar chúl na gcártaí a chuideodh le páistí cuimhniú ar na fíricí. Thig cártaí a chur ar fháinní. Cuir fíricí úra ann de réir mar a fhoghlaimítear na cinn reatha. Cinntigh go mbeidh cleachtadh orthu sin i gceachtanna amach ansin. Gabh siar go cuimsitheach ar scileanna agus ar eolas go rialta chun cuidiú le daltaí uathoibreachas a fhorbairt ar fhíricí. B’fhiú fáinní eochracha pearsanta a bheith ar fáil acu siúd a bhfuil deacrachtaí acu, fáinní a léireoidh straitéisí do ghnéithe éagsúla Leabhair Rialacha Mata: Is fiú leabhair rialacha mata a bhunú leis na daltaí ina scríobhann siad féin rialacha ina gcuid focal féin. Bíodh rannta ann fá choinne (i) fíricí atá ar eolas (ii) straitéisí (iii) teanga cuí. Spreag páistí le pinn aibhsithe, dhaite a úsáid nuair a bheifear ag toghadh eolais cuí. Bíodh teanga/téarmaí matamaiticiúla grúpailte de réir gnéithe éagsúla na mata. Thiocfadh cártaí fáinní eochracha a fhorbairt. Múin fadhbanna aon chéime sula múinfear fadhbanna dhá chéime. TIPS:- Think (read and paraphrase), Information (what numbers and information do you need in order to solve the problem), Problem (write equation),Solve.
23
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS
23/11/12 An tábhacht a bhaineann le teanga a fhorbairt Taispeántas ranga comhdhéanta de nascanna idir focail agus siombail. De réir mar a fhoghlaimíonn na páistí téarmaíocht nua, thig leis seo a bheith crochta agus fásfaidh an taispeántas thar am dá réir. Bíodh taispeántas eile ar chaint mhatamaiticiúil: ag aithint caint mhaith, úsáideach, ag aontú ar fhreagraí, ag miniú cad é atá siad ag déanamh, ag caint faoin obair, ag úsáid téarmaíocht agus stórfhocal matamaiticiúil maith.
24
Monatóireacht ar Chúrsaí Fiosrúcháin
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS 23/11/12 Monatóireacht ar Chúrsaí Fiosrúcháin Glac griangraif d’obair a dhéantar; Iarr ar dhaltaí fiosrúchán amháin a luacháil ag baint úsáide as fráma scríbhneoireachta; Glac griangraif de shamplaí oibríochta na bpáistí a rinne siad ar na mionchláir bhána; Coinnigh nóta d’aon ráiteas áirithe a dhéanann páiste a léiríonn go dtuigeann sé coinceap áirithe go maith.
25
Foghlaim agus Teagasc Éifeachtach na Matamaitice
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS 23/11/12 Foghlaim agus Teagasc Éifeachtach na Matamaitice
26
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS
23/11/12 Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS
27
Majella Mhic Cionnaith - Tacaíocht CASS
23/11/12 Mar Fhocal Scoir Is í an áis is tábhachtaí sa rang ná tusa - an múinteoir – a ghineann cáilíocht na cumarsáide agus an chomhphlé sa rang le do chuid daltaí. ‘Labhair leat, cothaigh ceisteanna, tabhair dúshlán don dalta is feabhsófar foghlaim’ Mol an múinteoir is tiocfaidh sé Má thugtar níos mó failleanna do pháistí labhairt fá mhatamaitic is é is dóiche agus is mó seans go bhforbróidh a dtuiscint ar an mhata agus ar úsáid stórfhocal chuí mhatamaiticiúil. MÚIN AN MHATA GO MEALLTACH MAR IS MÓ A MÉADÓIDH MUINÍN AN MHIC LÉINN AGUS SPREAGFAR SPIORAD IS SPRAOI TRÍD NA SUIMEANNAÍ!
Similar presentations
© 2025 SlidePlayer.com. Inc.
All rights reserved.