Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

Fuaim.

Similar presentations


Presentation on theme: "Fuaim."— Presentation transcript:

1 Fuaim

2 Conas a dhéantar fuaim?

3 Fuaim ar bith a chloisimid, tagann sí ó rud atá ar crith.
Nuair a sheinntear an giotár, critheann na sreanga agus cloisimid fuaim uathu.

4 Conas a chloisimid fuaim ó ghiotár?
Nuair a bhuailtear na sreanga critheann siad. Critheann an t-aer thart ar an ngiotár. Gluaiseann na creathanna tríd an aer ina dtonnta, fad lenár gcluasa. Fuaimthonnta a thugtar ar na tonnta sin.

5 Creathanna Leag do mhéara ar do scornach agus tú ag caint.
Céard a bhraitheann tú? Creathanna

6 Creathanna Leag do lámh ar challaire agus ceol ag teacht as.
Céard a bhraitheann tú? Creathanna

7 Gluaiseacht fuaimthonnta tríd an aer a léiriú
Turgnamh: Gluaiseacht fuaimthonnta tríd an aer a léiriú Fearas Babhla plaisteach Scannán cumhdaithe Téip ghreamaitheach Rís Bata Bosca stáin Modh Sín an scannán cumhdaithe thar bhéal an bhabhla. Úsáid an téip ghreamaitheach, más gá, lena chinntiú nach mbogfaidh an scannán cumhdaithe. Cuir rís ar an scannán cumhdaithe.

8 Tuar Céard a tharlóidh má bhuaileann tú an bosca stáin leis an mbata agus é díreach os cionn an bhabhla? Bain triail as!

9 Céard a tharla? Bhog an rís!

10 Cén fáth, an dóigh leat? Chrith an bosca stáin nuair a bhuail tú leis an mbata é. Chuir sé sin an t-aer thart ar an mbosca stáin ag crith chomh maith. Ghluais na creathanna tríd an aer mar fhuaimthonnta, fad leis an rís, agus bhog siad í!

11 Fuaimthonnta a dhéanamh in uisce
Turgnamh: Fuaimthonnta a dhéanamh in uisce Fearas Gabhlóg thiúnta Babhla uisce Modh Buail an ghabhlóg thiúnta in éadan imeall boird. Cuir sa bhabhla uisce í.

12 Céard a tharla? Rinne an ghabhlóg thiúnta tonnta ar an uisce.
Déantar na tonnta céanna nuair a bhíonn fuaim ag taistil tríd an aer, ach ní féidir linn na tonnta sin a fheiceáil.

13 Formhór na bhfuaimeanna a chloisimid is tríd an aer a ghluaiseann siad, fad lenár gcluasa.
Ach ní tríd an aer amháin a ghluaiseann fuaim. Gluaiseann fuaim trí sholaid agus trí leachtanna freisin.

14 Cé acu trí sholaid nó tríd an aer is fearr a ghluaiseann fuaim?
Turgnamh: Cé acu trí sholaid nó tríd an aer is fearr a ghluaiseann fuaim? Fearas Bord Cara Modh Suigh ag an mbord. Iarr ar do chara cnag éadrom a bhualadh ar an mbord le barr a mhéire. Éist leis an bhfuaim a thagann ón gcnag. Ansin cuir do chluas leis an mbord. Iarr ar do chara cnag a bhualadh ar an mbord arís. Cén uair ba ghlóraí an fhuaim?

15 Toradh Is fearr a ghluaiseann fuaim trí sholaid ná tríd an aer.

16 Cé acu trí leachtanna nó tríd an aer is fearr a ghluaiseann fuaim?
Turgnamh: Cé acu trí leachtanna nó tríd an aer is fearr a ghluaiseann fuaim? Fearas Uisce Dhá bhalún Uaireadóir Cara Modh Séid balún amháin agus cuir le do chluas é. Iarr ar do chara an t-uaireadóir a chur le taobh eile an bhalúin. An gcloiseann tú an ticeáil go soiléir? Líon an dara balún le huisce. Cuir le do chluas é. Iarr ar do chara an t-uaireadóir a chur le taobh eile an bhalúin arís. Cén uair ba ghlóraí an ticeáil?

17 Is fearr a ghluaiseann fuaim trí leachtanna ná tríd an aer.
Toradh Is fearr a ghluaiseann fuaim trí leachtanna ná tríd an aer.

18 Ní bhíonn aon fhuaim le cloisteáil ar an ngealach mar níl aon aer ann.
Caithfidh spásairí raidió a úsáid má bhíonn siad ag iarraidh labhairt lena chéile ar an ngealach. Cén fáth, an dóigh leat? Ní bhíonn aon fhuaim le cloisteáil ar an ngealach mar níl aon aer ann.

19 Fíor nó Bréagach? Ráiteas Fíor Bréagach
Déantar fuaim nuair a bhíonn rud éigin ar crith. Is tríd an aer amháin a ghluaiseann fuaim. Gluaiseann fuaim níos fearr tríd an aer ná trí sholaid. Ní féidir aon fhuaim a chloisteáil ar an ngealach. Ní féidir le fuaim gluaiseacht trí leachtanna. Is féidir creathanna a mhothú.

20 Tuilleadh eolais le fáil ar na suíomhanna seo:
science/sound/what-does-sound-travel-th/

21 Gabhaimid buíochas leis na daoine agus leis na heagraíochtaí a leanas a chuir íomhánna ar fáil do na sleamhnáin seo: Bronwen English ( jar (away) ar an suíomh NASA ( Íomhánna eile: Shutterstock Léaráidí: Christine Warner Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n‑íomhánna atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach ó thaobh cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil a dhéanamh leis na foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí a dhéanamh leis. © Foras na Gaeilge, 2012 An Gúm, Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1


Download ppt "Fuaim."

Similar presentations


Ads by Google