Download presentation
Presentation is loading. Please wait.
1
Má san aimsir láithreach
Féach ar an abairt seo: Má thagann tú abhaile ar a seacht a chlog, tabharfaidh mé bronntanas duit. Cad is féidir leat a rá faoin abairt sin? Féach ar an gcló dubh! Cad a dúirt tú? Úsáidtear an aimsir láithreach le má chun tagairt a dhéanamh don am le teacht. Leanann séimhiú má san aimsir láithreach ach amháin leis na briathra bí agus abair. Mar shampla: Má dhéanann tú sin, beidh an lá leat ach Má tá an aimsir go maith, rachaidh muid ann agus Má deir sí gan dul, ná himigh
2
Má san aimsir chaite Má chaith sé an liathróid, ní fhaca mé é.
Féach ar na habairtí seo: Má chaith sé an liathróid, ní fhaca mé é. Má d’ith sí a dinnéar, tá ocras uirthi fós. Má fuair sí é, ní dúirt sí aon rud. Má dúirt sé liom é, ní cuimhin liom. Cad is féidir leat a rá faoi na habairtí thuas? Féach ar an gcló dubh! Cad a dúirt tú? Leanann séimhiú má san aimsir chaite. Ní chuirtear aon séimhiú ar na briathra faigh agus abair, tar éis má san aimsir chaite.
3
Mura / murar san aimsir láithreach & san aimsir chaite
Féach ar na habairtí seo: Mura dtagann tú abhaile ar a seacht a chlog, ní thabharfaidh mé bronntanas duit. Murar chaith seisean an liathróid, níl a fhios agam cé a chaith é! Cad is féidir leat a rá faoi na habairtí thuas? Féach ar an gcló dubh! Cad a dúirt tú? Úsáidtear mura i ngach aimsir ach amháin san aimsir chaite. Leanann urú mura. Úsáidtear murar san aimsir chaite. Leanann séimhiú murar de ghnáth ach amháin le cuid de na briathra mírialta.
4
Má / Mura / Murar cleachtadh
Cuir Gaeilge ar na habairtí seo: If they return soon, tell them to call me. If he said that, I did not understand him. If you see Seán, ask him to write to me. If she got the job, I did not know. If I don’t go to Dublin tomorrow, I’ll go next week. If you were there, I did not see you. If you don’t get the letter, don’t worry. If you leave now, I’ll never see you again.
Similar presentations
© 2025 SlidePlayer.com. Inc.
All rights reserved.