Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

Mo Ghrá-sa (Idir Lúibíní)

Similar presentations


Presentation on theme: "Mo Ghrá-sa (Idir Lúibíní)"— Presentation transcript:

1 Mo Ghrá-sa (Idir Lúibíní)
Nuala Ní dhomhnaill a chum

2 Oiriúnacht an Teidil? Sílim go bhfuil teideal an dáin an- oiriúnach ach teideal débhríoch is ea é gan amhras. Ar lámh amháin, cuireann an chéad chuid den teideal an t-amhrán grá traidisiúnta An Draighneán Donn i gcuimhne dúinn. Ach, ní dán grá traidisiúnta é seo agus mar sin deir an file go bhfuil an grá seo ‘idir lúibíní’. Deir sí gur úsáid sí na lúibíní le taispeáint nach bhfuil sa dán ach píosa craic!

3 Oiriúnacht an Teidil? Ar an lámh eile, léiríonn an leagan treise den aidiacht shealbhach “Mo Ghrá-sa” go bhfuil an file an-tógtha lena leannán. Tugann an leagan treise seilbh / úinéireacht le fios. Fógraíonn an file sa teideal gur ‘léise’ an fear seo. Ní hamháin sin, tugann na lúibíní úinéireacht le fios chomh maith. Léiríonn an teideal, mar sin, nach bhfuil fuacht ná faitíos ar an bhfile an grá gan chuntar atá aici dá fear céile a léiriú trí mheán na filíochta. Mar sin féin, ní dán grá traidisiúnta atá anseo. Grá gan chuntar = unconditional love

4 Téama / príomhsmaoineamh / teachtaireacht an dáin
Baineann an dán seo le grá gan chuntar (unconditional love) an fhile dá fear céile. Ach ní dán grá rómánsúil ná coinbhinsiúnach (conventional) é. Déanann an file inbhéartú (inverts) ar ghrá na bhfilí rómánsacha sa dán seo. Níl a leannán cosúil le réaltóg scannán agus déanann Ní Dhomhnaill beag is fiú den áilleacht sheachtrach. Ní fear dathúil é a fear, ach is cuma léi mar tá sé cneasta, cineálta, cabhrach. Fear maith is ea é.

5 Tuigimid ó chéad líne an dáin – “ Níl mo ghrá-sa mar bhláth na n-airní
Tuigimid ó chéad líne an dáin – “ Níl mo ghrá-sa mar bhláth na n-airní...” - nach dán grá coinbhinsiúnach atá i gceist anseo ar chor ar bith. Is amhlaidh go n-iompaíonn an file nua-aimseartha an fhoirmle thraidisiúnta bun os cionn. “ ‘S go bhfuil mo ghrá-sa mar bhláth na n- airní ar an draighneán donn”, atá san amhrán grá traidisiúnta An Draighneán Donn. Luann an file an nóinín (daisy), bláth álainn fíneálta, ach dearbhaíonn sí (she states) nach mbeadh baint ar bith ag a grá-sa le háilleacht an bhlátha uasail sin. B’fhéidir, áfach, go bhfeicfí iad ag teacht amach as a chluasa agus é curtha sa reilig!!! Dán grá magaidh atá anseo gan dabht ar bith!

6 Céard iad príomhíomhánna an dáin?
Físeán TG4 Foghlaim Léirítear príomhíomhánna an dáin san fhíseán seo. Cloistear an file ag aithris an dáin san fhíseán. sa-idir-luibini/mo-ghra-sa-idir-luibini-le-nuala-ni- dhomhnaill/ Céard iad príomhíomhánna an dáin? An bhfuil searbhas (sarcasm) le sonrú sa dán? Cén tuin chainte (tone of voice)a bhaineann leis na rudaí atá ráite idir na lúibíní? Le searbhas a deirtear na rudaí atá idir lúibíní.

7 Féach ar an bhfíseán seo faoi phróifíl an fhile
dhomhnaill/ Obair Bheirte / Ghrúpa Breathnaigh ar an bhfíseán seo agus breac síos cúig phointe eolais i dtaobh shaol an fhile. Pléigh na pointí a scríobh tú leis an duine in aice leat / i ngrúpaí agus roghnaigh na cúig phointe is tábhachtaí as pointí uile an ghrúpa.

8 Teicníc na hIdirthéacsúlachta
Is iomaí íomhá a ghacann Ní Dhomhnaill chuici féin ó dhánta eile. Tugtar idirthéacsúlacht (intertextuality) ar an teicníc seo. Tá an t-uafás idirthéacsúlachta le feiceáil ar fud shaothar Ní Dhomhnaill.

9 “Ní haon ghlaise cheolmhar iad a shúile /
Dathaíonn Ní Dhomhnaill scigphictiúr dá fear céile – deir sí linn go bhfuil a shúile róchóngarach dá chéile. Íomhá ghreannmhar is ea í sin gan dabht. “Ní haon ghlaise cheolmhar iad a shúile / táid róchóngarach dá chéile / ar an gcéad dul síos.”

10 Déanann an file tagairt do shoinéad 130 Shakespeare toisc go bhfuil an greann go smior sa dán sin chomh maith. Go deimhin, rinne Shakespeare an chomparáid idir gruaig a ghrá agus ‘wire’ i soinéad 130. (“My Mistress’s Eyes are Nothing Like the Sun”) “If hairs be wires, black wires grow on her head” “Agus más slim é síoda / Tá ribí a ghruaige (mar bhean dhubh Shakespeare) / Ina wire deilgní…”

11 Íomhánna / Siombailí / Meafair
Is é mo thuairim phearsanta féin gur meafar iad na húlla don tacaíocht, don ghrá agus don chairdeas a thugann fear céile an fhile di. Nuair a léigh mé an dán den chéad uair, bhraith mé gur sheas na caora finniúna don fhisiciúlacht sa chaidreamh. Baineann an file úsáid as íomhánna cliste chun cur síos neamh- mhaoithneach a dhéanamh ar a grá.

12 Ach, is mór idir mo thuairimí féin agus an rud a bhí in intinn an fhile nuair a chum sí an dán!
Ag smaoineamh ar Ádhamh agus Éabha i nGairdín Éidin a bhí an file nuair a d’úsáid sí íomhá an úill. Ar mhaithe le cúrsaí ríme a roghnaigh sí na ‘caora finniúna’ mar shiombail. Deir an file go bhfuil ‘an ceol’ chomh tábhachtach leis ‘an gciall’.

13 An dán dáiríre é seo? Dúirt an file nach raibh sa dán ann doodle, gur scríobh sí an dán “mar mhagaidh”. “Ní raibh ann ach píosa craic!” Creid é nó ná creid, níor thóg sé ach trí nóiméad uirthi an dán a scríobh!! Tá greann le feiceáil nuair a thugann an file cur síos lom dúinn ar chuma a fir. B’fhéidir nach bhfuil sé cosúil le bláth ar bith. B’fhéidir go bhfuil a shúile róghar dá chéile. B’fhéidir go bhfuil a ghruaig cosúil le deilgne, “ Ach, is cuma sin”.


Download ppt "Mo Ghrá-sa (Idir Lúibíní)"

Similar presentations


Ads by Google