Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

Coibhlint in san Ionad Oibre

Similar presentations


Presentation on theme: "Coibhlint in san Ionad Oibre"— Presentation transcript:

1 Coibhlint in san Ionad Oibre

2 Caidreamh Tionsclaíocht
Caighdeán an chaidrimh atá idir bainisteoirí agus oibrithe in eagraíocht Deirtear go mbíonn caidreamh maith ann nuair a bhíonn cur chuige páirtnéireachta idir bainisteoirí agus fostaithe Buntáistí dea-chaidreamh tionsclaíocht Nios easca fostaithe atá ar ard chaighdeán a earcú agus a choinneáil Leibhéal íseal as-láthaireachais agus láimhdeachas fóirne Tá foireann atá sásta táirgiúil Laghdú ar am líon aighnis tionsclaíocht nó stailceanna san ionad oibre

3 Cúiseanna Coibhlint san Ionad Oibre - Aighneas Tionsclaíochta
Aighneas Tionsclaíochta = aon choibhlint a bhíonn idir fostaithe agus fostóirí. Cúiseanna ná; Coibhlint maidir le páigh agus pinsean Coibhlint maidir le uaireanta oibre, saoire, sláinte agus sábháilteacht nó coinníollacha eile oibre Coibhlint maidir le teicneolaíocht nua nó cleachtais oibre nua a chuirfheadh postanna i mbaol Coibhlint maidir le iomarcaíocht nó dífhostú Coibhlint maidir le leithcheal a bheith déanta ar bhaill fóirne

4 Déantar an choibhlint caidreamh tionsclaíocht níos measa trí;
Droch chumarsáid idir fostóirí agus fostaithe Fostaithe atá neamh réadúil ag déanamh neamh aird ar bhrú airgid atá ar ghnó Fostóirí a bhíonn ag iarradh an iomarca ar fhostaithe Easpa muinín idir fostóirí agus fostaithe – b’fhéidir go bhfuil stair ann maidir le gealltanais nár comhlíonadh Iompar ionsaitheach idir fhostaithe agus fostóirí – gan éisteacht le foireann nó bulaíocht de chineál a dhéanamh ar fhostaithe

5 Dea-chaidreamh Tionsclaíocht – Cén chaoi ?
Páigh réasúnta agus coinníollacha maithe oibre Cumarsáid oscailte idir fostóirí agus fostaithe Gealltanais a choinneáil agus muinín agus meas a fhorbairt idir fostóirí agus fostaithe Caitheamh go cothrom agus faireáilte le foireann Nós imeachta soiléir maidir le láimhseáil gearáin – seo na rialacha atá aontaithe idir fostóirí agus fostaithe maidir leis an mbealach a ndeileáilfear fadhbanna san ionad oibre. Simplí, faireáilte agus scioptha ! Ar mhaithe le coibhlint a réiteach go h-eifeachtach Cinntiú go bhfuil aon dhífhostú a dhéantar faireáilte

6 Ceardchumainn - Céard iad ?
Eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar dhearcadh agus leas fostaithe maidir le páigh agus coinníollacha oibre Íocann fostaithe ballraíocht le bheith mar bhaill den cheardchumann. (M.shm SIPTU, TUI, ASTI) Bíonn siad eagraithe i mbrainsí bunaithe ar an ionad oibre ina bhfuil siad agus bíonn stiobhard ceardlainne tofa ag fostaithe in ionad oibre chun bheith mar ionad áitiúil ar ghnóthaí an cheardchumainn

7 Buntaistí ballraíocht Ceardchumainn do Fhostaithe
Deantar gach iarracht cearta fostaithe a chosaint Teightear ar thóir páigh níos airde agus coinníollacha oibre níos fearr Déantar idirbheartaíocht le fostóirí nuair a bhíonn gá ag baint úsáid as daoine le ard scileanna idirbheartaíochta Cuirtear comhairle ar fáil do bhaill maidir le ceisteanna caidreamh tionsclaíocht agus fostaíochta Glór na bhfostaithe á chloisteáil go náisiúnta tríd Comhdháil na gCeardchumainn ICTU

8 Buntaistí Ceardchumainn do Fhostóirí
Bíonn an próiséis chumarsáide leagtha amach agus simplithe idir an bhainistíocht agus na fostaithe. Sábháileann an proiséis cumarsáide seo costas agus am.

9 Comhdháil na gCeardchumainn ICTU Irish Congress of Trade Unions
Eagraíocht a labhraíonn ar son formhór na gceardchumainn in Éirinn. De bharr an méid sin ceardchumainn a bheith le chéile faoi scáth aon ghrúpa amháin bíonn cumhacht margála láidir acu le fostóirí agus an rialtas. Déanann siad idirbheartaíocht ar shon na ceardchumainn ar fad leis an rialtas, an Aontas Eorpaigh agus an mhór eagraíocht fostóra IBEC Cur chun cinn buntáistí an cheardchumainn i measc an pobal ginearálta Réiteach ar aighneas agus coibhlint idir ceardchumainn Cláracha traenála, oideachais agus taighde do na ceardchumainn agus a mbaill

10 An bealach a ndéantar idirbheartaíocht maidir le páigh agus coinníollacha
Is páigh cúis le go leor den aighneas / coibhlint a tharlaíonn in san ionad oibre

11 Éileamh Costas Maireachtála (Cost of Living Claim)
Nuair a ardaíonn an costas maireachtála (boilsciú) bíonn daoine ag iarradh ardú páigh chun an caighdeán céanna maireachtála a bheith acu. Mar shampla má bhíonn an ráta boilscithe ag 4% beidh foataithe ag tóraíocht ardaithe páigh de 4 %

12 Éileamh Inchomparáideachta (Comparability Claim)
Nuair a bhíonn oibrithe ag lorg pá comhionann le dream in earnáileacha eile a dhéanann obair cosúil leo. Oibrithe siopa mar shampla i Dunnes ag tóraíocht an méid céanna le oibrithe Supervalu

13 Éileamh Coibhneasachta (Relativity Claim)
Nuair a bhíonn grúpa amháin oibrithe ag iarradh an stádas pá níos airde a bhíonn acu ar ghrúpa eile oibrithe a choinneáil suas. Mar shampla dá bhfaighfheadh na glantóirí in óstán ardú bheadh na daoine ar an deisc fáiltíu ag iarradh ardú freisin a choinneodh an coibhneasa difríochta ceart

14 Éileamh Táirgiúlachta (Productivity Claim)
Nuair a bhíonn fostaithe ar thóir ardu páigh nó coinníollacha níos fearr oibre de bharr méadú a bheith déanta acu ar tháirgiúlacht Mar shampla sa gcás agus go mbeadh dualgaisí breise tógtha ag oibrithe ar feadh tréimhse leannúnach, beidh siad ag iarradh ardú páigh ar a shon.

15 Margáil ag leibhéal áitiúil
Nuair a bhíonn fostóirí nó fostaithe ag iarradh na téarmaí pá nó coinníollacha aeile a athrú ag leibhéal áitiúil Margáil Aonarach (Individual Bargaining)– nuair a dhéanann fostóir margáil go haonarach le fostaí maidir le páigh nó coinníollacha oibre Cómhargáil (Collective Bargaining) – nuair a dhéanann fostóir margáil le grúpa fostaithe in ionad oibre, go hiondúil tríd an ionadaí ceardchumainn

16 Margáil ag leibhéal naisiúnta
Comhaontú Náisiúnta Páigh news/new-public-sector-pay-deal-what-it-means-for- you ‘Public Service Stability Agreement’ Déantar idirbheartaíocht maidir le comhaontaithe náisiúnta páigh idir na páirtithe shóisialta ( an rialtas, fostaithe (IBEC) agus fostaithe (ICTU) ) Seo proiséis ina ndéanann na páirtithe shóisialta seo socraithe maidir le páigh agus coinníollacha oibre Nuair a éiríonn le socraithe náisiúnta páigh bíonn an comhshaol eacnamaíochta níos seasta agus níos éasca le tuar ar mhaithe le gach páirtí a bheith in ann feidhmiú agus pleanáil

17 Acht Caidreamh Tionsclaíocht 1990 & Acht Caidreamh san Áit Oibre 2015
Socraíonn síos na rialacha maidir le aighneas (diospóid) tionsclaíochta agus stailceanna sa tír seo. Forálacha an Achta .....

18 Aighneas (diospóid) Trádála Dlisteanach Official Trade Dispute
Caithfidh an aighneas a bheith ceangailte leis an bpost Beidh an aighneas bainteach le ceisteanna cosúil le páigh, coinníollacha oibre, dualgais oibre, dífhostú, aitheantas ceardchumainn nó polasaithe fostaíochta. Ní féidir dul ar stailc de barr mar shampla an bealach a ríthear gnó nó de bharr ceisteanna polaitiúla Tá sé tábhachtach go mbeadh an t-aighneas (diospóid) dlisteanach - ní bheidh clúdach ag fostaithe muna bhfuil seo fíor

19 Ballóid Rúnda Is gá ballóid rúnda a ghairm agus tromlacht na mbaill a bheith fábharach chun gur féidir dul i mbun stailce Caithfear deis a thabhairt do ghach ball den cheardchumann vóta a chaitheamh chomh fada agus atá réasúnach Caithfidh an vóta a bheith rúnda, tá aon modh eile neamh dhlítheach – ní féidir vóta oscailte trí ardú láimhe a dhéanamh mar shampla

20 Fógra Seachtaine Caithfidh Ceardchumainn ar a laghad seachtain fógra a tabhairt don fhostóir sula dtéigheann siad ar stailc

21 Aighneas (diospóid) Dlisteanach
Tá aighneas dlisteanach má; - Tá formhor fostaithe a vótáil ar a shon Má bhí an ballóid rúnda Má tá cead an cheardchumann agus Comhdháil na gCeardchumainn (ICTU) faighte

22 Diolúine Má tá an aighneas dlisteanach ní féidir le fostóir, an Ceardchumann nó na fostaithe a thabhairt chun cúirte chun aon chailteannas a tharlódh le linn an aighnis a fháil arais

23 Aighneas (Diospóid) Neamh dhlítheach
Níl cead faighte ón gceardchunann ná ó Chomhdháil na gCeardchumainn (ICTU) Níl cosaint dlí ag na fostaithe ó bheith tugtha chun cúirte ag fostóirí chun aon chaillteannas a tharlódh de bharr stailc a fháil arais Tobstailc neamhoifigiúil (Wildcat Strike) – neamh oifigiúil gan aon fhógra tugtha don fhostóir.

24 Picéadú Fostaithe agus oifigí an cheardchumainn ag siúl suas agus anuas thar an ionad oibre le cláracha ag rá ‘Stailc ar Siúl Anseo’ Tá picéadú príomhúil den chineál thuas ceadaithe ach níl Picéadú thanáisteach ceadaithe munar féidir a chruthú go bhfuil an fostóir sin ag cuidiú leis an bhfostóir eile le linn am stailce Picéadú Tanáisteach = picéad ar áit oibre eile de bharr go bhfuil an fostóir (gnó) sin ag tacú leis an bhfostóir atá i lár an aighnis ar mhaithe le theacht i dtír ar fhadhbanna atá cruthaithe de bharr an stailc

25 An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (Workplace Relations Comission)
Eagraíocht stáit a thugann eolas maidir le gnóthaí caidrimh tionsclaíochta chomh maith le cabhair chun aighnis a réiteach Cur chun cinn dea-chleachtais caidreamh tionsclaíochta Cur chun cinn comhlíonadh dualgais maidir le reachtaíocht fostaíochta Tugann siad cabhair phraiticiúil chun aighneas thionsclaíochta a réiteach

26 Cén Cineál Gníomh Tionsclaíochta ?
Stailc Chomharthach (Token Stoppages) – obair a stopadh ar feadh achar ghearr chun a gcuid míshástacht a chur in iúl d’fhostóirí Oibriú de Réir Rialacha (Work to Rule) – déanann oibrithe an obair bhunúsach ach ní dhéanann siad aon nigh bhreise, ní stailc atá anseo agus tá siad i dtideal pá iomlán Moilleadóireacht (Go-slow) – oibrithe ag déanamh an méid is lú oibre gur féidir leo gan a bheith ag cuir a gcuid poist i mbaol

27 Cosc ar Ragobair (Overtime ban) – ní oibreoidh na hoibrithe aon uaireanta bhreise, rud a chuireann brú mór ar fhostóirí a bhaineann úsáid as ragobair nuair a bhíonn brú oibre nó obair shéisiúrach i gceist. Stailc (Strike) – Fostaithe ag stopadh don obair ar fad le cead an cheardchumainn & srl, ní íoctar iad agus iad amuigh ar stailc Stailc Iomlán (All Out Strike) – ordaithe do gach ball ceardchumann in ionad oibre a dhul amach ar stailc as an ionad oibre sin

28 Tionchar Stailce ar Gheallshealbhóirí
An Gnó – cuirtear isteach ar fheidhmiú agus táirgíocht dá bhrí sin laghdaíonn díolachán agus an brabach dá réir Úsáideann iomaitheoirí an deis seo le breis den mhargadh a fháil dóibh féin Droch cháil ag dul amach don ghnó Am agus fuinneamh an bhainistíocht curtha i dtreo réiteach a lorg, seachas díriú ar an ngnó Deacair foireann d’ardchaighdeán a mheallach nó a choinneáil

29 Fostaithe Ag cailleadh páigh an fhad agus atá siad ar stailc agus a gcuid airgead ar taisce á ídiú D’fhéadfadh a mbuanaíocht poist a bheith i mbaol Caillfidh siad muinín san gceardchumann muna bhfuil an stailc rathúil Custaiméirí Ní bheidh earraí nó seirbhísí ar fáil do chustaiméirí ar feadh tréimhse áirithe Is féidir go gcuirfeadh an stailc isteach ar chumas baill an phobail slí maireachtála a bhaint amach

30 Solátharóirí Ní bheidh an méid céanna earraí / seirbhísí á cheannacht ó sholátharóirí Iadsan ag cailleadh díolachán agus brabach Infheisteoirí De bharr ísliú ar dhíolachán agus brabach beidh laghdú freisin ar an méid a íoctar le scarshealbhóirí i bhfoirm dibhinn nó an ábaltacht atá ag an ngnó a gcuid iasachtaí a aisíoc

31 Eacnamaíocht De bharr laghdú ar phá ní bhíonn an méid céanna á chaitheamh san eacnamaíocht, laghdaíonn seo an méid airgead atá ag ciorcalú B’fhéidir go rachadh daoine i dtreo táirgí / seirbhísí atá tagtha isteach ó thír eile Rialtas Isliú ar ioncam ó chánacha, cáin ioncaim, CBL agus Cáin Comhlachta Damáiste déanta maidir le cáil na hÉireann thar lear, ní bheidh comhlachtaí ag iarradh lonnú anseo

32 Eagraíochtaí a Chabhraíonn chun Réiteach a fháil ar Aighneas Tionsclaíocht
An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (Workplace Relations Commission) An Cúirt Oibreachais Tugtar cás chuig An gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre muna féidir é a réiteach go háitiúil ach is féidir achomhairc a dhéanamh ar chinneadh de chuid an CCO ag an gCúirt Oibreachais Eagraíochtaí Chaidreamh Tionsclaíocht

33 Coibhlint maidir le Iomarcaíocht agus Dífhostú
Dífhostú = a bheith curtha as post de bharr neamh inniúlacht, mí-mhacántacht, nó briseadh córas smachta na comhlachta Achtanna Dí-fhostú Éagórach 1977 – 2007 = Reachtaíocht a chosnaíonn fostaithe ó bheith dífhostaithe ar chúiseanna mí chóir. Baineann sé le fostaithe atá fostaithe ag gnó ar feadh tréimhse bliana nó níos mó.

34 Dí-fhostú Cóir - Cúiseanna
Neamh-inniúlacht – nuair nach bhfuil an cumas ag fostaí chun an jab a dhéanamh i gceart (bheith mall, as láthair, droch dhearcadh, easpa scileanna) Mí-iompar neamh inghlactha – (mí mhacantacht, goid, troid, faoi thionchar ól) Níl an post ann níos mó (de bharr mar shampla teicneolaíocht nua, nó gearradh siar ar chostais) & dá bharr seo bíonn iomarcaíocht i gceist d’fhostaithe

35 Más féidir leis an bhfostóir a chruthú gur leanadh próiséis chóir
Más féidir leis an bhfostóir a chruthú gur leanadh próiséis chóir. Is ar an fhostóir atá an fhreagracht a chruthú go bhfuil an dífhostú cóir. Sampla de phroiséis cóir; - Rá leis an bhfostaí go bhfuil imní faoina gcuid oibre Comhairle agus tacaíocht a thabhairt maidir le bealaí gur féidir leo a gcuid oibre a fheabhsú Rabhadh fhoirmialta ó bhéal a thabhairt muna dtagann feabhas ar an obair Chéad rabhadh scríofa muna bhfuil fós a dhóthain feabhas tagtha ar an obair An dara rabhadh scríofa nó islú céime a thabhairt nó, iad a chur ar fionraí nó iad a dhífhostú I gcásanna a mbíonn mór mhí-iompar, foréigin nó gadaíocht mar shampla, is féidir fostaí a dhí-fhostú ar an spota gan an proiséis a bheith leanta ach caithfidh an fostóir a chruthú go raibh an dífhostú ar an spota riachtanach sa gcás sin

36 Iomarcaíocht Nuair a scaoiltear le fostaí de bharr nach bhfuil an post ann níos mó Fostaí le dhá bhliain nó níos mó seirbhíse, i dteideal íos- cnag shuim bunaith ar an méid blianta seirbhíse agus an leibhéal páigh ag am an dí-fhostú Iomarcaíocht dheonach – nuair a iarrtar ar fhostaithe cur isteach ar scéim iomarcaíochta le dreasachtaí tarraingteach go h-iondúil Iomarcaíocht éigeantach – nuair nach dtugtar de rogha d’fhostaithe ach imeacht

37 Dí-fhostú Éagórach - Cúiseanna
Níor lean an fhostóir an phroiséis i gceart Níl an fostóir in ann a chruthú go bhfuil an fostaí neamh inniúil agus neamh ábalta Níl an fostóir in ann a chruthú go bhfuil an post áirthie anois imithe Déanann an fostóir dífhostú inchiallaithe – ag déanamh rudaí chomh deacair ar an fostaí in san ionad oibre, nach mbíonn de rogha acu ach imeacht. (breis oibre, brú, droch uaireanta oibre)

38 Tá an fostaí fostaithe le h-aghaidh aon tréimhse ama agus déantar dí-fhostú orthú de bharr
Go bhfuil orthu saoire máthaireachas, tuismitheora, uchtacha nó cúramóra a thógáil Ballraíocht Ceardchumann a ghlacadh nó dul ar Stailc Bheith Clamhsánach faoi bhriseadh an dlí maidir leis an íos-phá Náisiúnta A gcuid aois (seachas iad a bheith faoi bhun 16 nó in aois scor) A ndearcadh reiligiúnach nó polaitiúla A gcine, dath, inscne, nó a gclaonadh gnéasachta

39 Sula ndéantar dí-fhostú, tá sé de cheart ag an bhfostaí;
Bheith ar an eolas maidir le cúis an dhí-fhostú Ceart a bheith acu freagra a thabhairt ar na cúiseanna sin Éisteacht fhaireáilte a bheith acu agus ionadaí a bheith leo ag aon éisteacht maidir leis an dí- fhostú

40 Pionós ar an nGnó a dhéanann dí-fhostú éagórach
Cúiteamh a íoc leis an bhfostaí suas go dhá bhliain páigh Ath-inshealbhú sa bpost – an post arais agus aon chúiteamh maidir le caillteannas ioncam freisin Ath-fhostú – sa bpost a bhí acu nó post cosúil gan aon chúiteamh, go hiondúil sa gcás agus go bhféadfhadh an fostaí a bheith páirt lochtach maidir leis an dí- fhostú

41 Coimisiún Caidreamh sa Áit Oibre
Má dhéantar clamhsán bailí maidir le dí-fhostú chuig an CCAO, ainmneofar eadranaí a chabhróidh leis an dá pháirtí theacht ar réiteach a bhfuil ceangail dlí leis. Muna bhfuil glacadh ag ceachtar den dá pháirtí leis an eadránaí, déanfaidh an CCAO cinneadh a bhfuil ceangal dlí leis. Is féidir fós an achomhairc a dhéanamh maidir leis an gcinneadh seo chuig an gCúirt Oibreachais

42 Acht Comhionannais Fostaíochta 1998

43 An dlí a chuireann cosc ar leithcheal a dhéanamh i gcás daoine atá ag cur isteach ar phost, ag obair san eagraíocht nó go deimhin custaiméirí Leithcheal = ag caitheamh le duine ar bhealach níos lú fabharaí ná mar a chaithfí le duine eile i gcás a bheadh cosúil Naoi fhoras faoina nach féidir leithcheal a dhéanamh

44 Inscne (Fireann, Baineann, trasghnsach)
Stádas Pósta (Singil, pósta, col-scartha, baintreach) Stádas Clainne (bheith i do thuismitheoir) Aois Míchumas Cine Claonadh Gnéasachta Creideamh Reiligiúnach Bheith i do bhall don lucht siúil

45 Ag déileáil le leithcheal san áit oibre
Neamh Reachtúil Plé - an ceist a phlé leis an bhfostóir Lorg cabhair muna ar éirigh leat é a réiteach ó do cheardchumann nó ón CCAO chun comhairle a fháil uathu Reachtúil – má tá an gearán bailí, féadfaidh an CCAO fiosrúchán iomlán a ghairm Déantar fiosriúchán i gcásanna tromchúiseacha agus cuirtear seribhis eadrána ar fáil. Cumhacht acu don isteach chuig láthar gnó chun eolas a fháil. Má chruthaítear leithcheal ordaítear don fhostóir gníomh ceartúcháin a thógáil (pá nó cúiteamh) I gcásanna nach bhfuil tromchúiseach, cuirfidh an CCAO seirbhís idir-réitigh ar fáil chun iarracht a dhéanamh go dtiocfaidh an dá pháirtí ar réiteach atá inghlactha dóibh


Download ppt "Coibhlint in san Ionad Oibre"

Similar presentations


Ads by Google